AN GAODHAL
233
Ag cosaint a saoirse, le dílse, da ríreadh.
Seinn.
Óró, mo bhan mhac, nach tú ceann na céille,
A d'fhóghluim do chreideamh i n-Éirinn le Gaodhailge;
Fuair mé go h-óg thú le neart agus sláinte,
Agus támuid cho sásta 's dá m-bainfeadh linn táinte.
We take great pleasure in introducing to the readers of the Gael a new
accession to its poetic contributors in the person of Mr. Anthony Lally, the
composer of the above, of Wheeling, W. Va. — We advise our friend P. A.
Dougher to be on the look out.
ROISE DHUBH.
This song was got from Mrs. Susan O'Donnell, Upper Cruit, by
ANTHONY J. DOHERTY, Cruit Island N. S.
Air — Petrie's A.I.M.
No. 1242
A Róise, dá m-budh liom tú nár bh'aoibhinn duit,
'S deas a chealgfainn do leanbhán dá m-beidheadh sé 'gul;
No i n-Albain dá g-casfaidh sinn andiu no 'n-dé,
Sgeula cinnte, a ghrádh, nach bh-fillfeadhmuis go b-póstha mé.
Nach fada 'n reim a leig mé léithe ó 'n-dé go d-ti 'n-diu?
Trasna 'n t-sléibhe go leanfainn fein í, mo Róise Dhubh;
Gaoth na h-Éirne go d-tug sí léim í, cidh gur mhór an sruth,
A's mar ga gréine air mhalaigh shléibhe ta mo Róise Dhubh.
Dá bh-feicthea Róise Dia-Domhnaigh 's í 'g-eirigh 'mach,
Crios Phroinnseis uirri timcheall fa lar a com:
Tainic an t-am uirri air shantaigh sí 'n t-óg-fhear 2 deas,
'S mar d-téidh bang uirri go meallfaidh sé 'n t-órd alig.
Is aerach a théidh sé 'n-aonaigh ann a cóta cuilt,
Gan spre aici, no maoin shaoghalta, na bólacht cruic,
Acht an t-éideadh ro-bhreagh t' aici 'g-cofra glais,
Sin an bréagan le'r bhréug sí me, mo Róise Dhubh.
Chlaoidh tu mise, a bhradaig, 3 's nár budh h-aoibhinn duit,
'S go bh-fuil m'anam a gheall ort, 's chan andé no 'n-diu,
No d'fhág tu lag, anbhfann me, gan mhaoin, gan chruth. 4
'S ná dean feall orm go n-dearbhuigh tu do bhriathra damh.
Tuitfidh réulta as na spéurtha 'gus dóirtfear fuil,
Tuitfidh 'n Éirne 'nna tonna tréuna air mo Róise Dhubh;
Reubfar coroin rioghamhail, agus morgfaidh muir,
Acht le aon-fhear chá leigimsa mo Róise Dhubh.
Ta réult anns' na spéurtha i n-imeall an cheo, 5
Ní'l a léithid i n-Éirinn 's ní bheidh go deo;
Plúr air mnaibh Éireann, agus sgoith na m-ban óg,
Budh léigheas air an déideadh 'n té gheabhadh uait póg.
Dá m-beidheadh seisreach agam a threóighfeadh anaghaidh na g-
[cnoc,
No cré-fhoirste a d'fhoisreachadh an domhan alig,
Dheanfainn cleasa air muin cleasann dó mo Róise Dhubh,
'S béurfainn Soisgeul de'n Aifrionn dó mo smóilín dubh.
eile
