AN GAODHAL.
237
AN BULLÁN BREAC,
[Le Pádruig O'Laoghaire]
(Ar leanamhuin.)
Bhí aon inghíon amháin ag an righ & thug
sé a bhriathar go d-tiubhradh sé í i g-cleamh¬
nas do'n té bhéarfadh buaidh ar an m-
beirt fhathach & a máthair. Tháinic mó¬
rán laoch acht do mharbhadh iad uile acht
an laoch amháin do choimhéad fad a radh¬
arc uatha.
Maidin an chéid lae d' fheuch Seághan¬
ach soir & bhu dheas, do nigh sé a aghaidh &
a lámha & ag iarraidh trócaire & cóbhair
ar Dhia do sgaoil sé a chuid bó isteach
i d-talamh na bhfathach. "Doin & donuais
ort," ar fathach na trí g-ceann na trí
meann, na trí muinéal fada, reamhar dí¬
reach, "cia thug cead duit iad san do thio¬
máint annsan isteach? Ní fheadar cia
aca is feárr dom tú shlugadh d' aon
ghreím amháin, nó thu chur 'san spéir uach¬
taraigh le séideoig?" "Ní bhfaghair san
a dheunadh," ar Seághanach. "Cia acu is
feárr leat umarasbháil chruaidh cholgán¬
ta no gabháil le cloidhmhtibh i m-bun 'sa
m-bárr a chéile ? " "Is feárr liom," ar
Seághanach, "amarasgbháil chruaidh cholg¬
ánta mar a thaithigheas ar na faithchidhibh
leis na leanbhaibh uaisle." Seo chum a
chéile an san an bheirt; rinneadar ball
bog de'n bhall cruaidh, isleán de'n árd¬
án & árdán de'n isleán & dá dtiocfadh
iochtar na h-Éireann le h-uachtar na h-
Éireann is ar Seághanach & fathach na
trí g-ceann, na trí meann, na trí muin¬
eál fada reamhar direach na cheart. Thug
Seághanach cor do chuir go glúin é; thug sé
cor eile do chuir go muineál é. "Do
cheann díot a phiast ghrána," ar Seágh¬
anach. "Na bain," ar an fathach, & tiúbh¬
rad duit trí fircínidhe óir, trí caogad
each, an t-slaitín draodheachta tá le h-
ais mo chluise deise & mo righeacht óm'
bhás amach. "Beidh do cheann & iad uile
agam," ar Seághanach, ag baint a cheann
de le n-a chloidheamh.
Ar d-teacht an tráthnóna chuir sé
gadaraighe ans na cluaisibh do chaith air
a bhuin na cinn & ag bailiughadh na m-bó
do thiomáin iad gus an macha chum a g-
crúidhte. Chaith sé a chuid ualaigh dhe in
aice geata na cúirte & chuaidh isteach &
do shuid le h-ais na teine; níor labhair
aon neach chuige óir shaoil gach n-aon nach
raibh adhbhar laoich ann. I g-cionn tamai¬
lín tháinic an laoch úd ó chianaibh isteach
& a dubhairt leis an righ, "Tá trian ded
inghín agam," "Tá," ar an righ & gheobh¬
air." Fad as bhí Seághanach leis an g-
comhbhrac is amhladh bhí an duine uasal
so ag baint sméar.
Maidin an dara lae d'éirigh Seághan¬
ach, do nigh sé a aghaidh & a lámha d'fheuch
sé soir & bhu dheas & ag iarraidh troc¬
aire & cobhair air Dhia do sgaoil sé a
chuid bó isteach i d-talamh na bhfathach.
"Doin & donuais ort," ar fathach na
cúig g-ceann, na cúig meann, na cúig
muinéal fada reamhar, direach, cia thug
cead duit iad san do thiomáint anns-
an isteach? Ní fheadar cia acu is feárr
dom thu shlugadh d'aon ghreím amháin nó
thu chur 'san spéir uachtaraigh le séid¬
eoig!" 'Ní bhfaghair san do dhéanamh,"
ar Seághanach. "Cia acu is feárr leat
umarasgbháil chruidh cholgánta no gabháil
le cloidhmhtibh i m-bun 'sa m-bárr a chéil¬
e?" "Is feárr liom," ar Seághanach
"umarasgbháil chruaidh cholgánta mar a
thaithigheas ar na faithchidhibh leis na lean¬
bhaibh uaisle." Seo chum a chéile annsan
an bheirt; rinneadar ball bog de'n bhall
cruaidh, ísleán de'n árdán, & árdán de
'n ísleán, & dá d-tiocfadh iochtar na h-
Éireann le h-uachtar na h-Éireann, is
ar Sheághanach & fathach na cúig g-ceann,
na cúig meann, na cúig muinéal fada,
reamhar díreach ba chóir. Thug Seághan¬
ach cor do chuir go glúine é, thug sé cor
eile do chuir go muinéal é; "Do cheann
díot a phiast ghrána," ar Seághanach. "Na
bain," ar an fathach, "& tiubhrad duit
cúig fircínidhe óir, cúig caogad each,
an t-slaitín draoidheachta tá le h-ais
mo chluaise deise & mo righeacht óm' bás
amach." "Beidhid uile agam," ar Seághan¬
ach, "& do cheann mar aon leo," ag baint
na g-ceann de le n-a chloidheamh.
Ag d-teacht an tráthnóna chuir sé gada
raigh anns na cluasaibh, chaith ar a bhuin
