338
AN GAODHAL
na cinn, & ag bailiughadh na m-bó, thiom¬
áin iad gus an macha chum a g-crúidhte.
Chaith sé a chuid ualaigh dhe in aice geata
na cúirte; do chuaidh sé isteach agus do
shuidh le h-ais na teine gan focal a labh¬
airt chum aon neach.
Ba ró-gheárr na dhiaidh san gur chual¬
aidh Seághanach an laoch ar ar labhras
cheana ag rádh leis an righ, "Tá dá d-
trian d'inghíne anois agam." "Tá agus
gheobhair," ar an righ.
Maidin an treas lae d' eirigh Seágh¬
anach, do nigh sé a aghaidh & a lámha, d'
fheuch sé soir & bhu dheas & ag iarraidh
trócaire & cobhair ar Dhia do sgaoil sé
a chuid bó isteach i d-talamh na bhfathach.
Níor bh' fhada gur tháinic chuige
Máthair na bhFathach, —
cailleach mór grána, da shúil i gcúl
a cinn & súil eile i g-clár a h-éadain, &
iongana iarain seacht d-troighthe ar faid
airri "Doin & donuais ort," ar sí,
"cread fáth ar mharbhais mo leanbha gur
le gádhtar an t-saoghail nach bh-fuilid fós
ar mo chích." "Ba dheas na leanbha ar do
chích iad," ar Seághanch. Leis sin do bhuail
sí leadhb air gur bhain lán a h-ionganadh
de'n fheoil de ó bhárr a chinn go bonn a
chos. Buail sí leadhb eile air & rinn sé
spólla dearg de. "Cá sáthtar na caoir¬
igh in Éirinn?" ar spideóg bhroinn dhearg
mhuintire Shúilleabháin. Iar g-clos san
dó, thug sé uruchar d'a chloidheamh ar a
cích chlí; d' aimsigh sé í & thuit sí marbh.
Annsan do rinn an spideóg loch mea¬
la de bhraon beag drúchta; do nigh Seágh¬
anach é féin ann & bhí sé chómh slán foll¬
áin as nach n-goinfidhe ariamh é.
Iar san do bhain sé a ceann dí & do thóig
an t-slaitín draoidheachta bhí taobh le n-
a cluais chlí & do chuir sé i bh-folach a n-
gruaig a chinn í. Ar d-teacht an tráth¬
nóna chaith sé an ceann ar a mhuin, bhail¬
igh sé a chuid bó & thiomáin gus an macha
iad chum a g-crúidhte. Leigh sé an ceann
le h-ais geata na cúirte, chuaidh isteach
& do shuidh le cois na teine. I g-cionn
tamaillín tháinic an laoch isteach & deir
leis an righ, "Tá d'inghíon air fad agam
anois." "Tá," ar an righ, "& gheobhair."
"Caitin?" ar an laoch. "Manoirthear,"
ar an righ.
Ar n-a márach d'éirigh Seághanach, do
nigh sé a aghaidh & a lámha d'fheuch sé soir
& bhu dheas & ag iarraidh trócaire agus
cobhair ar Dhia do sgaoil sé a chuid bó
isteach i d-talamh na bhfathach & d'fhág ann
san ag inghilt iad gan eagla ó námhaid
ar bith air. Iar san d'imthigh sé go fuidh¬
ribh na bhfathach & d' fhiaruigh díobh an mb'
fheárr leó é féin mar thighearna ioná na
fathaigh. "Is feárr linn thusa," ar siad
uile i m-beul a chéile. "Má's feárr,"
ar Seághanach, "biodh céad each gléasta
agaibh fá'n am-so amárach ann so rómh¬
am-sa & céad marcach mar aon leo chum
dul liom-sa go h-áit nach bh-fuil ró-fhada
ó'n m-ball-so. "Beidh," ar níos mó ná
céad guth de thapagoin.
San g-cúirt rioghdha bhí cócairidhe ag
allus ag gléas bidh i g-cómhair an phósta.
Chuaidh Seághanach tar ais gus na buaibh
& do thiomáin chum an macha iad chum a
g-crúidhte.
Maidin lae an phósta bhí sé in a shuidhe
go deagh mhoch & do chuaidh sé go h-áit-
chómhnuidhe na bhfathach. Bhí céad fuidhre
annsan roimhe ollamh chum gluaiste ar
fághail an fhocail ó Sheághanach. Thug Seágh¬
anach órdughadh dhíobh é leanamhuint; as
do lean siad é gan stad nó gur rán¬
gadar caisleán an righ. "Cia thú," ar
an righ le Seághanach noch a bhí éidthe i g-
culaith catha & cómhbhraic "Mise," ar
Seághanach, "mac righ na Fraince, tá ag
teitheadh ó mhac righ na Gréige, & táim
féin & mo lucht leanamhna seighte le h-oc¬
ras." "Tigidh isteach," ar an righ. Chua¬
dar isteach, cuireadh chum suidhte iad, &
d'itheadar an biadh & an deoch bhí i g-có¬
mhair na fleidhe & an phósta.
Iar san d'imthigh Seághanach & a lucht
leanamhna tar ais go dúithche na bhfathach
ar fághail feasa dhó nach b-pósfadh in¬
ghíon an righ go d-ti an márach.
(Le bheith ar leanamhuin.)
The Western Crusader, Kansas City, Mo., is the
latest venture in Catholic journalism that has come
to our exchange table. It is an eight-page, well-
printed weekly, full of both Catholic and secular
news. Rev. Fr. Ryan is editor and John McAne¬
ny business manager. We wish it every success.
