33.
9Mhadh Rol. Uimh. 9.
FABHRA.
1893.
GO MOCH air MAIDIN.
Fonn — Sweet Innisfallen
(Leis an nGabhar Donn)
Tá glóir na maidne 'nois 's an spéir,
Tá 'n drúcht ag drithleadh air gach bláth,
Tá athas air gach nídh go léir;
A! músgail as do shuan, a ghrádh.
Tá feoithne ciúin ag séideadh 'nois,
Tá éin ag seinim ceoil go binn,
Tarr liom, siúbhólaidh sinn arís
Le h-ais an t-srutha 's béidhmíd grinn
Is mín an feur, 'nois tig linn shiúbhal
Le chéile seal atá an lón
Ag cantain ceoil; 's é seo mo dhúil —
Tú d'fheicsint; acht táir bódhar, ochón!
'Feadh uaire táim faoi d'fhuinneoig árd
Ag feitheamh ort amháin, mo stór.
Och! músgail, tarr, tabhair póg dod' bárd;
Ochón! nar chodail tú go leór?
A n-áit do ghlóir-se cluinim cú
Ag tathfaint; och! dob' fheárr lem'
[chroídhe
Tú d'éisteacht labhairt liom féin go dluth
Faoi sgáil na g-crann le chéile 'g suidhe.
Ochón-í-eó! is éigin dam
Air m'ais dom' thigh 'nois dul go treith,
Budh súil lem' chroidhe go m-béidhtheá liom;
Acht is brónaighe a's is eagnaighe mé.
Ní rachfaidh mé air maidin mhoch
Thú músgailt as do chodladh sámh
Acht fanfaidh mé am' leaba, och!
Gidh mór mo mhian do bhaint led' láimh.
Acht 'nuair a thigeas oídhche chiúin
Béidh mé led' thaoibh, mo mhíle ghrádh
Coigeóraidh mé, béidh 'n t-am sin m'uain,
Ad' chluasaibh-se go d-tiucfaidh 'n lá.
Ochón! tá 'n oidhche fada uaim;
Is fada liom an lá, monuar
Is lán astigh mo chroidhe de ghruaim;
Cá h-uair a bh-feicfead thú, mo stór.
