The Bold Tipperary Fox,
BY P. A. DOUGHER.
Is sionnach ruadh gan faitchíos mé, ná'r ruaig roimh' seo madra mé,
Níor ghoid mé caora, cearc nó gé, gandal lach' nó laoigh, —
Sásta le mo ghabhaltas féin, 'measg cómharsa grádhmhar, fearamhuil treun'
Le fiachaidh a's cíos 's taxaigh íoc, chó seanmhar leis an righ,
Rinne mise nead, talamh breagh, eidir Sliabh-na-m-ban a's Cnoc-na-bh-feadh,
Ann ar chómhnugh mé le cion a's grádh mur tóige mé 'san áit;
Acht anois an seo le tamall geárr, tá mé masluigh' ann gan fáth,
Le gaduidhe suarach, achrannach, m-b'é dhúil mo sheilbh fhághailt.
Fuair mé barántas fuagra cruaidh ó'n tighearna gránna, fealltach fuathach'
Mo díbirt ó mo thír a's dúiche, ’s na lasguinigh bheith rómham;
Ghluais mé aige go dána, teann, a's ghread mé sásadh as a cheann,
Sciorr mé siúbhal 'measg na g-crann — bhí an t-seilg air mo thóir.
Bhí h-ub-a-bú ó n-deas go tuaigh, ó Ruiscré go Cill-da-lú,
Tré cnuic, sliabh, a's portaigh dubha, tré Naona 's Beul-an-áth,
Chlódhaid anns na páipéir síos duas mór ar mo shon íoc.
Beo nó marbh annsa tír chaithfid siad mé fhághailt.
Chuartaigh siad Bainnsighe nun 'sa náll a's Teampull-mór ó bhun go bárr,
I g-Cluan-meala sheas an gárda le mo chrochadh suas gan spás;
Bhí fhios 'gam an díol gheabh'nn an sin dá m-beireadh na madra orm greim,
Acht cailleadar mé ameasg na d-tum — thug mé do 'n t-sáil.
Thug siad ruaig ar Charraig-an-t-siúr Rath-gormuic 's Croc-beul-dúin,
Baile-póirthín 's Teampull-bán, asteach go Carraig-an-chuain;
Ní rabh peeler, mada, cor nó cú, ó cnoic Áthluaine go Loch-laoi,
Nach rabh feitheadh ar an sionnach ruadh bheith gabhtha 'measg na n-uan.
Chuartaidh Múrach soir 's siar, 's Baile-mac-cruin siar 'sa n-iar,
Lisín Duillean ,s Laig-lead, 's thort go Condae Chláir;
Níor fhág siad bád nó long-crann-seoil, cruach chorce nó rucán món'
Ó Chillruis go Luimneach mhór, a's ní rabh mé ann le fághail.
Bhí siad sáruigh' amach 'sa 'mach, mo chuartúgh' thart ó theach go teach,
Níor smuainigh siad go m-beidh an marc i nGaillim i n-uaigeas chiúin;
Níor fhágaid cár, cis nó cóisde ó Dhairi-Ui-Bhriain go Órán-mhór
Ná'r chuartaigh siad ar mo thóir an oidhche sin gan t-sáimh.
I gCaiseall-geárr shuidh mé síos le dúil go ndeunfainn ann mo scíth,
Níor chualaigh mé na gadhair ag scréach, 's bhain mé 'mach Maigheo,
Lean siad mé go Baile-an-righ, thart Loc Coiribh, Measc, 's Coill-mhór,
As sin go Con-a-mara, chuaidhid n-áith nach bh-fuighid siad mé go deo.
Bhí na madra costadh thart air mo lorg aig Coillte-magh,
An sin chuaidh mé go teach áirighe steach, n-áit i bhfuair mé braon le n-ól,
Bhí an oidhche breágh a's an ghrian faoi, 's an bealach réidh air gach taobh,
Táim anois as a g-cumhacht saor — níor ghabh siad mé go fóill.
This song I send alludes to the miraculous escape of Mr. Hayes who was illtreated by
his landlord some years ago in Tipperary, which caused him to retaliate, an incident well es¬
tablished. A Cousin of the said Ml. Hayes was for some time a work-mate of mine and gave
me the whole story. I have tried to follow the chase in rhyme. Yours, — P. A. DOUGHER.
