AN GAODHAL.
243
AN GÁRLACH COILEÁNACH
(Le Pádruig Ó'Laoghaire)
An cheud roinn.
Lá dá raibh an gárlach coileánach in a
aonar, tháinic taistiollach asteach chuige
& tar éis beagán cainte do chur as a
chéile dhóibh, d'fhiafruigh sé de'n Gárlach
cá raibh a máthair.
"Tá sí ag díol mealla & ag ceannach
mílseán," ar seision.
"Cá bh-fuil d'athair?" ar sé.
"Tá sé ag deunamh uilc níos mó!" ar
seision.
"Cá bh-fuil do sheanathair?" ar sé.
Tá sé ag fiadhach," ar seision, "agus
an méid nach marbhann sé beireann leis,
& an méid a mharbhann fágann."
"Agus cá bh-fuil do dheirbhshiúr?" ar
an taistiollach arís.
"Tá sí," ar seision ag freagairt, "a
gol an gháire a bhí a n-urraidh aici.
D' fheuch an taistiollach ar an n-Gár,
lach Coileánach & do ghabh iongantas é iar
g-cloistin na bh-focal cé nár fheud sé iad
a thuigsin acht bhí a fhios aige go raibh
doimhneas ionnta.
"Ní thig liom," ar sé, "ciall do bhaint
as do bhriathraibh, & an m-beidhtheá cómh
maith agus iad a mhíniughadh dom?"
"Ní ró-dheacair sin a dhéanamh," ar an
Gárlach ag cur smiota gáire as.
"Dubhart go raibh mó mháthair ag díol
meala & ag ceannach mílseán, mar chuaidh
sí ag ceannach salainn chum mairt a
bheathughadh. Tháinic m'athair abhaile aréir
ar meisge & bhí mo mháthair leis i d-taobh
é bheith mar sin acht níor ró-mhaith leis í
bheith ag cur asteach air mar gheall ar
bhilaon d' ól & d' imthigh sé arís andiu ag
déanamh an rud chéadna chum uilc níos mó
do dhéanamh Ghabh mo shean-athair amach
anois & tá sé le h-ais an chloidhe shoir
annsann ag piocadh na míol as a léine
atá ar a dhruim le lán ráithe, an méid
nach marbhann sé beireann sé leis & an
méid a mharbhann fágann Ghabh mo dheirbh¬
shiúr ag sileadh deor ó dubh dubh & ó írr
lae go lá mar tá leanbh tabhartha ar
iomchar aici, — sin é gol an gháire do bhí
in urraidh aici."
An dara roinn.
Bhí fear bocht & fuair sé capall lá ó
thighearna talmhan chum an oiread aoiligh
do tharrach as do leasóchadh a bhlúire
garraidh. Ag tabhairt an chapaill isteach
tríd an m-beárnain dó leis an g-céad
ualach do thug sé leis, chuaidh aon de na
rothaibh anáirde ar an g-cloidhe, d' iom¬
puigh an trucail & do briseadh muinéal
an chapaill. Chuaidh sé i láthair an tigh¬
earna talmhan agus d'innis dhó a sgeul
bróin & briste croidhe. Labhair an tigh¬
earna leis go feargach & a dubhairt leis
fear d'fhághail agus go bh-fághadh sé féin
fear eile chum an chapaill do mheas.
Tháinic an bheirt fhear ar ball & do
mheasadar do'n chapall an méid ba dhóigh
leó dob' fhiú í.
"Ní fheudfainn-se thú dhíol láthaireach,"
ar an fear bocht, "díolfad thú diaidh ar
diaidh má fhághaim cáirde."
Ní rabh an tighearna talmhan sásta
leis sin. Chonnairc sé fear ag teacht
orra & dubhairt go bh-fágfadh sé an
cáirde faoi. Cia bheidheadh ann acht an
Gárlach Coileánach.
D' innseadh dhá thaobh an sgéil dhó. Bhí
a fhios aige nach n-déanfadh cailleamhain
an chapaill puínn dioghbhála do 'n fhear
saidbhir acht go g-cuirfeadh sé an fear
bocht ó thigh as ó thalmhan (uin) go bráth
muna bh-fághadh sé cáirde fhada
"An m-béidh sibh sásta le mo bhreith-se?'
ar an Gárlach Coilánach.
"Béidhmid," ar an bheirt, i m-beul a
chéile
"'Seadh má táthaoi, ar an Gárlach,
"díoladh an fear bocht so leath an airgid
lá an luain & an leath eile an luan in a
dhiaidh!"
The Tuam (Co. Galway) Town Commissioners
have invited bids to advertise their business in the
Irish language, using the regular Irish type.
The Mugwump is a most curious amnimal. He
is not like the ordinary species of its kind ; and the
most wonderful thing about him is, the rapidity
with which it can change its nature. Let him be
the greatest crook, blackleg, bum, or — to-day
to night — after joining the order — he is instantly
transformed and — becomes “The Better Element”!
