AN GAODHAL.
245
ADHLACADH an t-SAOI SHEÁGHAIN Uí MÓRDHA.
Translation, by M. Ua C., Allegheny, Pa.
1
Ní raibh druma cluinte, ná nóta brónach,
Mar a chorp do 'n dún do dheifrígheamar;
Ní léig aon sáighdeur a lámhach deirionach
Ós an uaimh mar ar luan do adhlacamar.
2
D' adhlacamar go dorcha é i g-ciúineas na h-oídhch',
An fód le n-ar lansaibh aig casadh;
Tre léus ceódhach gaetheadh gealaigh saothraigh,
'S an lóchran go dorcha aig lasadh.
3
Níor ghlac cómhra neimhféidhmeamhual a chom,
Ná í m-bratlin no marbhfáisg do ceangladh é;
Achd do luídhe sé mar luan a' glacadh a shuain
Ann a bhrat cogamhail do thimchioll é!
4
Is tearc 's is geárr bhí ar n-urnaigh' air an marbh,
'Sníor labhramar aon fhocal brónach;
Achd dluth-dhearcamar go buan air aghaidh an mhairbh,
A's do smuaineamar go searbh air an márach.
5
Do smuain sinn mar do chuasamar a leaba dochd,
'S mar mhinígheamar síos a adhart coir;
Go saltróchadh an námhaid 'san coigcrídheach thar a
[chorp,
Air m-beith dúinn amuigh air an mór-mhuir.
6
Go h-éadtrom laibheóraid air a spíorad fíor,
'Gus thar a luaithre fuar' mdheargfaid é;
Achd is beag leis má léigid é do shuanadh go síor
Ins an uaimh mar ar chuir an Breathnach é.
7
Ní raibh deunta achd leath ar n-oibre trom'
Gur do bhuail clog an uair le casadh;
A's bhí fíos dúinn ó'n gunna mearbhail imchían
Gur aig lámhach bhí an námhaid go gruama.
8
Do léigeamar síos é go brónach 's go mall,
Úr is fuilteach ó'n bhfáithche a mhórdha;
Níor thógamar líag air, na ghearamar lín',
Achd d'fhágamar 'nna aonar é 'nna ghlóire.
SEINÉID — AN t-SEAMRÓG.
(Leis an nGabhar Donn).
Ameasg na m-bláth tá bláithín deas ag fás,
Ní 'l bláth air bith is feárr lem' chroidhe 'ná é,
Is bláth na h-Éireann, é a lonnruigheas glé
Ameasg an fhéir — a leaba áluinn glas.
Trí duille beaga dílse air aon ghas;
Ceann áluinn bán ag amharc air spéir ghoirm Dé;
Air lá mór Phadruig tógaim é ó 'n g-cré
'Sé a m' bhaireud cuirim ésean faoi mhór-mheas.
