246
AN GAODHAL.
Is comhartha fíor mo chreidimh é gan gó
'S an Tríonóid mhóir a chruthuigh inn araon;
Is comhartha fíor mo thíre é noch tá
'N a mathair agam, 's í mo ghrádh go deo;
Ní 'l bláth no tír is áilne liom faoi 'n ngréin.
Sean-Éire a's a Seamróg bheag go bráth.
BRATACH NA h-ÉIREANN.
[Leis an nGabhar Donn]
Síorleanuígh bhur m-bratach, a fheara na h-Éireann;
Síorleanuígh go dluth é, go díleas, go groídhe,
Feuch! Feuch! óir atá 'nois breágh-sholus ar n-Dé-ne
Ag soillsiughadh go geal air, gan claonadh, gan fiar.
Ar n-díl-bhratach uaithne le beag-cláirsigh órdha
'N a cheartlár ag lonnradh go glórmhar air árd;
Is cóir linn é chosnamh ó mhasladh a g-cómhnuidhe;
Is cóir linn é d' iomchar go h-uaibhreach 's an g-cáth.
'Sé bratach díl Éireann, gealbhratach ar d-tíre,
Faoi ghlóir mhóir caithréimeach go m-budh sé go síorruidhe.
Caithréimeach do bhí sé go minic a n-Éirinn;
Caithréimeach do bhí sé go minic a g-céin;
Gidh claoidhte a's scaptha ar g cine, fa dhéireadh
Béidh dílbhratach Éireann arís faoi chaithréim.
Arís béidh ar m-bratach go n-deithfrigh an lá sin],
Faoi chlú a's onóir mar is dual dó gan bhréig
Go buadhach 's an g-cath, 's ag foluamain go bráth, bráth,
A n-aer saor na h-Éireann faoi bhratach buan Dé.
CÓMHAIRLE DO MHAC MO CHOMHURSAN.
air Petrie's A.I.M.
No 1437
A Sheaghain a mhic mo chómhursain má tá tú dul a pósadh,
Seo nidh ná'r dhubhairt mé fós leat, téidhre go Suidhefinn;
Gheobhair airgead a's ór ann & mathchanuidhe go leor ann,
Budh mhinic cailín cóir ann nach ndeunfadh troid nó bruidhin.
Feasda bí air do ghárda agus imir ceart do chárda,
Mar g-casfaidhe ort acht páirti de chailínidhe 'na suidheadh,
Bí ag greann 'sag spáirneáil 'sa brúgh asteach 'sa g-cárnán,
'Sis geárr go m-béidh tú ag áirneán, rachfadh mise faoi.
Is deas an rud deághinntinn a bheith ag bean go cinnte,
Sin agus na puinntidhe a bheith go maith 'san t-saoghal;
Ach i g-cúrsa áideóig nimhnigh nach dtiúrfa dhuit suidh simhnis
Is deacair d'anró insint má ghreamuigh'nn tú do'n tsrtaoill,
Má phósann tusa 'n bháirseach béidh aithbheul do sháith ort,
Béidh do mhalaidhe geárrtha 'gus do chneadh a deunadh braoin,
Ach congbha thusa 'n drawers ort 'sná tabh'r 'n péir' s feárr dí
No béarfaidh saoghal geárr ort, rachfaidh mise faoi.
Má theidheann tú go tigh an ósta tabhair asteach ag ól í,
Cuir 'na suidheair stól í 'gus do lámh faoi na cum;
Má theidheann tú seal d'a treórúgh thart le cladh na teórainn
(Continued on p. 249)
