9Mhadh Rol. Uimh. 10. MÁRT. 1893.
MÚIN DÚINN AN GHAEDHILGE.
BY A LALLY.
Múin dúinn an Ghaedhilge gan an Béarla,
Tá áit 'san t-soagal so do gach uile nídh;
Beidhmid díol sa cheanneacht san teanga
Ghallda,
Óir is le bheith cruinniúgh' saidhbhris a
cumadh í;
Ach seasfuidh 'n Ghaedhilge le caint air
Éire.
Moladh Dé 's congbháil a chuimhne buan
san g-croidhe.
Tá sé soilléir go bh-fuil anam 'san n-
Gaedhilge
Do bheir slán í as gach gabh a's baoghal,
Óir bhí 'n Ghall 'san diabhal bh-fad an éin-
feacht
Ag iarruidh a díbirt as an t-saoghal;
Ach bhuail sé 'n péire measg sléibhte Éi-
reann,
'Gus tá sí nois mur bhí ó amhrus saor,
Moladh Dé 'gus Íosa Críosda anns gach
tír.
A mhic an Ghael ná ceill an Ghaedhilge,
'San ríoghacht mór so ann a bh-fuil tú
saor,
Suidh a's léigh í — tóig am a's sgríobh í,
Congbhaidh bh-feidhm í go deire 'n t-saogh-
ail;
Nuair sheasas fear saoghalta n-aghaidh
Íosa Chríosda
Beidh obair le déanadh aig teanga an
Ghaodhail.
A fhir mo thír', ná fág i m-brón í —
Labhair amach go teann a's go h-árd í;
Do 'n t-sean nó óg ní ádhbhar náir' í,
Sa m-beul fear gan léighean ní contabh-
airt í;
Múin g-coláiste faoi riaghail na gcléir í;
Óir geineadh 'n duine g-cruth diadhachta
Críosta,
'S níor ísligh 'n Ghaedhilge riamh an brigh
sin.
(34)
