258
AN GAODHAL.
Clochar N. Pádraig,
Magh Nuadhat' 27. 2. '93.
A Shaoi Ionmhuin,
Is náireach liom chomh fada a's atáim
gan laoidh nó litir do chur chugat. Ba
mhaith liom feicsint ins an nGaodhal
tháinic air maidin andiu go bh-fuil a lán
Gaedhilge maithe blasta ar láimh agat.
Cogar duit, nár mhaith an chomhairle
míniughadh do chur lé foclaibh éigin nach bh-
fuil él fagháil i bhfoclóir ar bith? D'fheud¬
fadh na daoine sgríobhas iad an míniugh¬
adh do chur ins an gceud Ghaodhal eile.
Le tosach do chur ar an obair, so focla
as an uimhir dheidheanaigh, ar son Fabhra
'93 Leathanach 240, líne 10, lasguinigh;
líne 23, cor (corr, b'fhéidir); líne 27,
rucán, ó'n Beurla rick; líne 37 cos¬
tadh. Feuchadh ar gcara P. A. O'Dochuir
leo sin.
Leathanach 243, "garlach coileánach" &
"chur isteach air." Atá mór chuid de'n
t-sean Ghaedhilge bhlasda ag P. O'L i g¬
comhnuidhe.
Leath. 246, "is geárr go m-beidh tú ag
áirneán, rachaidh mise faoi, puinntidhe,
áideoig" — sin cuid an t-sean laoich as
Geata an Óir; 249, cnáid; 250, bróta.
San uimhir Gionbharaigh, 227, glám;
232, crosda; ba chiallmhar mar do mhín¬
igh an Dothartach ó Oileán na Cruite a
abhrán, dá ndéanadh gach uile dhuine mar
sin, níor dheacair Foclóir do bhailiugh¬
adh. Do chidhfidh tú ins an Irisleabhar
go bh-feicthear dhomsa gur 'crodh' atá
san abhrán so, in áit 'cruth'.
Leathanach 237, doin agus donuais,
meann ; gadaraighe? rushes; 238, fuidh¬
ribh, seighthe.
Ní'l rud ar bith is mó chruthuigheas an
dul ar aghaidh atá ar chúis na Gaedhilge,
ioná brigh agus blas na sgríbhinn atá
ins an nGaodhal beag.
Do chara Gaedhalach,
E. O'G.
The Gael is very proud of our Rev. Celtic Prof¬
essor's words of encouragement, as should also our
Gaelic contributors, who share in his encomiums.
We hope contributors will send the meaning of
words not found in the dictionaries, as suggested by
the learned professor. We made the mistake with
regard to cosadh, it should be casadh, to turn.
The Rev. Prof. has sent us a copy of two pam¬
phlets issued recently by him — one containing an
elaborate synopsis of Irish Grammer Rules; the o¬
ther, modern Irish composition with copious expla¬
natory notes; both are very useful to the Gaelic stu¬
dent.
AN FHIDIL.
Leis an nGabhar Donn.
Ar chualuidh tú ceol leath chómh binn
Le ceol na fidle nuair atá
A gúth ag seinim sultmhar, grínn
Do'n chroidhe tá lán de bhrón nó crádh.
Is liom a ceol mar cheol na m-bárd
Ag moladh Éirean, nuair a bhí
A céim, a clú, a glóir air árd,
'S a fir a g-cath ró-chalma, groídhe.
Is liom a ceol mar cheol na mná
Ag cur a leinbh bhig chum suain,
Mín, ísiol, suairc, a's lán de ghrádh,
Grádh fíor a bhuanas aici buan.
Is liom a ceol mar cheol a tá
A d-tonntaibh mara 'g seinim suairc,
Nuair tá an samhradh 'g lonnradh breágh;
'S an speur gan smuit, gan gruaim,
gan duairc.
Is liom a ceol mar cheol na ngaoth
Ag séideadh 'measg na g-crann air
t-sléibh,
Nuair tá an ghrian ag fainne 'n lae
Ag lonnradh geal ameasg na g-craobh.
Is liom a ceol mar gháire geal
A bhídheas ag cailín óg a choídh'
A croídhe ag gáiriughadh liom gan feall;
Mo mhúirnín dhíl, mo ghrádh is sí.
Is liom a ceol mar cheol na n-eun
Air maidin bhreágh os cionn an t-sruth'
Ag moladh Dé a líon de sheun
A's gáirdeachus a g-croidhthe i n-diú.
'Seo é an ceol is feárr lem' chroidhe —
An ceol ó 'n bh-fidil shulthmhair, ghrinn,
A teuda 'sgapadh ceoil a choídh';
Ní'l ceol le fagháil ann leath chomh binn.
A fhidil dhíl is neamh liom é,
A bheith ad' chuideacht-sa gach lá,
Ní 'l brón orm nuair a éistigheas mé
Le d' ghúth mhin, mhilis, cheolmhar, tlá.
