AN GAODHAL.
261
la agad. Bhí fios aige-san nach rabh foc¬
al aici-si ach Gaedhilge cúig ráithe roimh¬
e sin. Sé sin an nós ceudna le mórán
de na Gaodhailibh in seo. Má labhruighim
i nGaedhilge le chuid acu freagrochaidh
siad i m-Béarla; síleann gur náire
dóibh an Ghaedhilge labhairt i láthair Gaodh¬
ail.
A chara dhílis, tá dúil le Dia agam
gur goirid dúinn an lá a d-tóigfigh Éire
a h-áit féin ameasg náisiúin an domh¬
ain. Sé mo dhóigh go m-béidh gáirdeachus
air gach Gaadhal amuich & a m-baile an
lá sin. Cuireann sé brón mór orm an
tráth léighim ins na páipéiribh an nós a
bh-fuil na Gaodhail a chur thre na chéile &
ag imirt a g-cárdadh i lámhaibh na Sac¬
sanach, & cho fada 's bhéidh siad roinnte
ionnta féin, ní gnóithid a Riaghail féin
go h-eug — "An chathair bheidheas roinnte
'na h-aghaidh féin ní sheasuigh sí ach tuit¬
fidh sí." Ach is dóigh liom go bh-feicfidh
siad a míothapadh nuair bhéidheas sé mall.
Gan amhrus is fíor adubhairt an t-Ath¬
air Maritín Labhrás O'Murchughadh nuair
adubhairt ionna leitir san nGaodhal go
rabh faitchíos air nach bh-feicfeadh sé an
lá sin mar nach bh-fuil siad in aondhacht
le chéile inn Éirinn nó 'sa tír seo leis.
Críochnóchaidh mé mo leitir le chur cu¬
gad-sa míniughadh na seacht Sacramuin¬
te mar d'fhoghluim mé iad ar leabhar
Teagasg Críostaighe Sheághain Árd Eas¬
buig Thuama:
Baisdeadh, fholachas sinn ó pheacadh Adh¬
aimh,
Dul faoi láimh easbuig, neartuigheas
sinn n-aghaidh gádh,
Corp Chríosta, tá de ghrása 's beatha
lán,
'S an aithrigh nigheadh ó pheacaidh gnidh sinn
slán,
An ola spreagas sinn faoi thinneas
fann
Le deágh bhás 's buaidh fhághail air ar
námhaid theann.
Ord ó d-tig ughdras Eagluis Chríost go
léir
'S bheir beannughadh inn gach uile am do
'n chléir;
Pósadh chongbhas sliocht ó re go re,
Seacht srutha naomhtha sgeitheas páis
mhic Dé.
Tá mórán Éireannach nach bh-fuil an
méid seo acu.
Fuirim go dílis do chara,
D. J. Mc Cormac.
4 Conyngham Road, Phoenix Park,
Dublin, Ireland, 18. 2. '93.
A Shaoi Dhíl,
Cuiridh sé áthas mór orm díol do
chur chughat air son an Ghaodhail air feadh
na bliadhna so chugainn. Connairc mé
do phaipeir deas an cheud uair ag tigh
ceann domh dhaoine muinteardha air a
bh-fuil aithin maith agat, darb ainm Pad¬
raig Ua Briain, an clodhadóir Gaodhal¬
ach, agus is le deagh-chroidhe do gheileas
d'a chomhairle nuair d'iarr sé orm m'
fhaoi-scríbhinn do chur chughat.
Táim ag cur chughat mar an g-ceadna
anmanna agus díol o thriúr eile gur
maith leó an Gaodhal d'fhághail go míos¬
amhail.
Deunfad mo dhithchioll duit anns gach
slighe 'nar féidir liom é.
Leat-sa.
Séamus Mac Cógáin.
BEANNACHT NA MUMHAN.
Le Naomh Pádraic,
Ó Leabhairín an Athar Ó'Gramhna
Beannacht ar fhearaibh Mumhan,
Fhearaibh mhacaibh mhnáibh,
Beannacht air an talmhain
Do bheir toradh dhóibh.
Beannacht ar gach ionmhus
Geintear ar a m-brughaibh,
Gan aen-neach ar eugcobhair,
Beannacht Dé ar Mhumhain.
Beannacht ar a m-beannaibh,
Ar a leacaibh loma;
Beannacht ar a ngleannaibh,
Beannacht ar a n-dromaibh.
Gaineamh lir fó longaibh
Go raibh go deo a d-teallaigh!
I bh-fánaibh, i réidhibh,
I sléibhibh, i m-beannaibh, — Beannacht
