﻿262
AN GAODHAL.
Mr. Gleeson’s Contribution.
Rígh na g-Céardaighthe.
(Aisdridhthe ó'n Sacsbheurla le Tadhg
Ua Glasáin).
An t-am do bhí Rígh Solamh [an duine
is mó céile tháinig air an talamh, d'réir
an Sgríbhinn Dhiadha ], ag tógbháil an
teampoill mhóir, ag Cathair Jerusalem,
[ timchioll le trí mhíle m-bliadhain ó shoin ]
do thug sé cuireadh do na g-céardaighthe
do bhí ag obair air an d-teampoll ag
teacht chum féasta do bhí ollamhthadh aige
rómpa.
'Nuair do bhí a sáith ithte agus ólta
aca, tháinig an rígh isteach anns teach
ann ag raibh an féasta aca, mar do bhí
fonn air aitheantas do cuir orra. Do
labhair sé le duine acu, & a' dubhairt :—
"Mo charadh dé'n céard atá agat-so?"
"Siuinéir," d'fhreagar an an fear.
"Cia h-é do righin do chuid úrlasaighe?"
"An gobha," d'fhreagar an céardaighe.
Do an t-dara duine dubhairt Solamh
leis :— "Dé'n céard atá agat-so?"
"Saorchloch," d'fhreagar an fear,
"Cia h-é do righin do chuid úrlasaighe?"
"An gobha," do fhreagar an saorchloch.
Do cuir an rígh an ceist ceadna air
an treas fear, & d'fhreagar sé gur
clochaire é, agus mar an g-ceudna, gur
b'é an gobha righin a chuid h-úrlasaighe.
Do cuir Solamh na g-ceisteana cead¬
na air mórán díobh, agus is é an freag¬
radh ceadna do bh-fuair sé ó gach aon
aca, gur b'é an gobha do righin a g-cuid
húrlasaighe.
Faoi dheireadh do connairc sé fear
mhór, láidir, aige bun an g-cláir, agus
a' dubhairt Solamh leis :— ''Agus dé'n
céard atá agat-so, mo fear mhaith?"
"Gobha," d'fhreagar an fear mhór.
"Agus cia h-é do righin do chuid úrlas¬
aighe?" d'fhiafruigh an righ de'n gobha;
ag cuir an ceist céadna air do cuir sé
air gach céardaighe eile.
"Me féin," d'fhreagar an gobha.
"Tabhair dam do láimh, Righ na g-céar¬
daighthe," dubhairt Solamh leis an gobha,
"mar is féidir leat do chuidh úrlasaighe
féin do dhéanaigh, gan aon congnadh d'
fhaghail ó duine air bith, agus atá sé d'
fhiachadh air gach chéardaighe eile congnadh
d'fhaghail uait-si, chum obair do dhéanaigh:
air an ádhbhar son glaodhaim 'Righ na g-
Céardaighthe' ort-sa, agus beidh an ainm
sin air an gobha go deireadh an t-saogh¬
ail."
Lisquinlan, Ballamacoda, Co. Cork,
March 3rd, 1893.
Dear Mr. Logan,
The original of the foregoing appeared in the
"Supplement the Cork Examiner" some years ago,
and was then translated by me. If you consider it
suitable for the Gaodhal, you will much oblige, (as
it never saw the light in its Irish dress), to have it
appear in your columns. Many thanks for your very
flattering allusion to my name in the February num¬
ber of the Gael. You will be glad to hear, I have
no doubt, that I am preparing a selection of the
Poetry of the late Edward Walsh, the Irish Poet,
together with a sketch of his life, for the Cork His¬
torical and Archoological Society's Journal.” You
were so kind as to print in the December No. of the
Gael, the little address delivered by me over Ed¬
ward Walsh's grave, on the occasion of renovating
his monument.
I remain, Dear Mr. Logan,
Faithfully yours,
Timothy Gleeson.
So dán beag eile, tógta o'n sean láimh
sgríbhin do sgríbh Uilliam Ó' h-Ógáin
'san m-bliadhain 1825, &c., aithsgríobhtha
agus mínighthe le Tomás D. de Norradh.
Eabhrach Nuadh.
Séamus Boinmiol cct,
(Air an n-Geidirne.)
Tá an Francach fial 's bharcana air
lán mhuir go fuinneamhach,
A's bantracht thíghearna an chláir ghil,
nách tláth anns an imreas,
Is námhadach dian an Spáineach 'sas adh¬
bharach chum imeartha,
'S tá sgannradh cléibh air ghnáthphuic 'sní
táire do 'n n-giodairne.
Is cobhair gan chiach dóibh Máire agus
dán chum an chluithe chur,
'San mhodhamhuil bhean a tá lé o'n ngrás
gona deisciobail,
A's togha na d-triath, 1 an fánach má
thárla go muireann sin,
Beidh Longduin liath ar lár a's gan gár¬
