(35)
9Mhadh Rol. Uimh. 11.
AIBREÁN.
1893.
AN AINSPIORAID.
le Pádraig Ó'Laodhaire.
Le h-ais átha áirighthe budh ghnáth le h-
ainspioraid í féin do thaisbeánadh do
lucht triallta an róid air a m-béarfadh
an oidhche sul ar thig leó a d-tighthe féin
do roctain. Fa dheiridh do ghabh an oir-
ead eagla na daoine do chómhnuigh mór
thímchioll air, mar d'imir sí brón báis,
⁊ beag-shaoghail ar a lán díobh, gur choi-
méadadar glan de ar fad, ar mhódh gur
fada fánach an te ghabhadh ann san lá
gan áiriomh air an oidhche.
Tamall ó'n áth bhí baile mar a m-bíodh
bíotáille ag a díol ⁊ gan gó ní raibh
maith ná meanma ins an té nach rachfadh
chum dalla no diuir d'ól. Acht bhí a lán
nach raibh sásta le "braon"; do luighidís
air an n-digh i slighe gur gheárr go g-caith-
eadh buaidh a brighe ⁊ breághacht a blais
briocht tar galar guinte a m-bróin ⁊
gaillmhiard géar a m-buaidheartha agus
téidheadh an eagla agus an t-umhan bhíodh
roimh an ainspioraid i mugha ar mheisg
mheallta na meisge. Acht "dá faid lá
tagann a dheireadh," ⁊ tháinic an oidhche
⁊ maille léi uain uilc na h-ainspioraide
dob éigion do lucht an óil triall abhaile
⁊ ní bhídís air a seachaint ar an áth mar
do rinnithís aghaidh air go cruínn ceart
ag ceáfaráil le n-a maididhibh agus ag
gairm go h-airthionnach air an ainspior-
aid teacht ⁊ a neart d'fhéachain leó.
Bhí sí dona a dóthain gan chur chúici ar
aon chor ⁊ gan líomnadh bréige dá uair
níos measa tráth bhídhtí ag a céasadh ⁊
ag a ciapadh mar seo. Am do ghlacadh
sí fa bhun a cúraim gach nidh do chuirtí
ion a leith; am eile do bhaineadh sí díol
daingion díobh ag cur móráin le mart-
aradh tuille le mearaidhe ⁊ ag tabhairt
a letéid sin do mhurachadh mharbhthach do
chuid eile aca nár cailleadar a chuimhne
gur chuireadar amach liúnta na beatha.
