Fá dheiridh budh meas a lán gur mó a
maith ná a díoghbháil do bhrigh gur adhan
sí an oiread san faitchíosa i g-croidhthibh
lucht mheisgidh bhíodh ag an-chaitheamh a g¬
coda, gur chuir sí iad ar lorg a leas,
rud na'r bh'féidir do shagart ná bráth¬
air ar bith do dhéanamh le seanmóradh
an t-soisgéil nó scrúdadh na scriop¬
túire." Acht nuair a bhí na meisgeoir¬
idhe go léir ar chaoi céille do thosnuigh,
sí ag imirt a cleas cealgach ar gach aon
duine do ghabhadh i rian a réime, gan
géilleadh do bháidhe ná grádh, lag ná lái¬
dir, bocht ná nocht.
Annsan go deimhin dob é céadfaidh
coithchionn gach n-aoin gur cheart dóibh
iad féin d'fhágáil glan di & cé go rabh¬
adar ag caint & ag cur thársa níor
léir dóibh in aon leith de árd ná mágh an
té bhí acfuineach chum dul & an chúis d'
fheuchainn léi. Do rith ráfal a ró-sgris
fada & geárr; fa dheoigh chualaidh curadh
calma trácht ar mhéid a mí-ghníomharthadh.
Do ghléas sé each, do ghabh uime a éide &
do ghlunis roimhe go tiugh tapaidh gan
stad ná staonadh ná gur shroich sé um
árd-thráthnóna áit bhí n-gar míle 'ná dhó
do 'n áth
In uaignios na h-oidhche luaidh sé gus
an áth. Léim an ainspioraid amach
chuige & do rug suas ar sriain an eich;
tharraing an curadh chloidheamh ghléineach
glan-fhaobhar as an truaille & d'fhógair
airri coméad amach uadh. "Coméad¬
fad," ar sí, ag daingniughadh a greama
ar an srian, "an uair thiubhrair freag¬
ra cóir ar na trí ceistionna-so a chuir¬
fead chugat," & ar n-a rádh san di, a
dubhairt,
"Coinneall & cionnleoir ann, tá bh-
fuil a leath cheann"?
"Muilion go m-beidheadh uisge ag a
cheann sgilligeadh tháll 's abhus," ar sei¬
sean.
"Coinneall & coinneall ann, cá bh-fuil
a leath cheann san" ? ar sí arís.
"Cor de 'n ghad ar ceann na cuinge
is geárr ó stiur na luinge ar lár," ar
seision.
"Coinneall & coinnealleoir ann, cá bh-
fuil a leath cheann san" ? ar sí, arís ei¬
le.
"Dá n-déanfá t'aithrighe in am ní
bheidhtheá ad' oilt annsan," ar seision.
"Tar slán! tar slán"! ar an ain-
spioraid, "táim saor sábhálta anois &
is ortsa a bhuidheachas."
"Agus cad do thug annsan thú," ar
an curadh.
"Uisge na díge,
Aistior na bh-fíor-bhocht,
Agus itheadh na n-daoineadh
Do chuir mise san t-slighe-seo,"
ar sí leis, ag a fhreagairt.
"Ciannos san" ? ar seisean, "ní thuig¬
im thú."
"Bhidhinn ag díol uisge beatha & chuir¬
inn a leor-dhóithin d'uisge na díge thríd;
níor rinneas déirce ná daonacht riamh;
bhidhinn ag díol blaithche anois 's arís &
dob é mo nós uisge do mheasga léi san
leis. Chuir Dia mar phugadóireacht
orm fuireach annsan áit so nó go bh-
fhreagóradh neach na ceistionna d'fhreag¬
ruis-se anois díreach. Tá mo chuid
maoine go léir i bh-folach; lean mé &
taisbeánfad duit mar a bh-fuil sé."
Do lean sé í go sean-chollaigh. "Tóg
suas an leac san," ar sí. Do thóg. Is
amhlaidh do bhí acht trí prócaidh fúithi.
"An prócha san taobh leat," as sí, "is
airgead ruadh atá ann: ní bheidh rath
leis san óir is as an bhláthaigh do chárnál¬
as é. An próca láir is airgiod bán a
tá ann: ní bheidh rath leis acht cómh beag
leis an g-ceann san taobh leat mar is
as díol an uisge-beatha bailigheadh é. An
próca san tháll is ór buidhe atá ann :
beidh an-rath leis sin, mar is de shaothar
na g-capall & sláinte na bh-fear thiom¬
argas é."
Ansan do ghabh sí buidheachas leis i d-
taobh teacht cómh fada ó n-a dhúithche féin
& dul in ionach a chaillte ag déanadh cómh¬
braic léi. Ar n-a rádh sin di d'imthigh sí
uadh ion a splannc tínntighe, & ní fhac¬
aidh sé a mith nó a maith ó 'n am-san go
uain a euga.
(Críoch an cheathramhadh sgéil)
Every Irishman should make an effort to circulate
the Gael in the interest of his children.
