﻿268
AN GAODHAL
into English. We expect a translation from all
our students ; and as it is an interesting piece in any
language, we shall publish that which may appear
to us to be the best. Now let our old indolent stu¬
dents exert themselves. — Translate into English :—
MUILEANN AN LUIPREACHAIN.
le U. O'B.
An uair bhidheas ceann micléighin crom
air leabhraibh, is mór an sógh dhó siúbhal
amach treas na tire. Ní miste é an t
aer do thógbháil agus a bhaill do shíneadh.
So rud do mheasas an-mhór & nár fhan¬
as uaidh fós a riamh dá bh'fhéidir liom é.
Go minic budh mhó mo dhúil feuchaint air
áit dheas ná an cholann do chongmháil
in ordughadh, acht 'sé an cás ceudna dhi
má deuntar i g-caoi air bith é so. An
t-am do bhidheas i g-coláisde Thúma, ní
raibh aon spaisteoireacht i b'fheárr liom
ná bheith in aice Muilionn-an-Luipreach¬
áin, timchioll míle go leith as an m-baile
mór.
So sruth uisge ar nós leis tiormugh¬
adh ins an t-Samhradh acht bidheann sé
'nna scardán dheas uile Gheimhreadh.
Téidheann sé faoi thalamh i lár cairrge
garbha in dá áit. Mar gheall air an
bh-formán atá aig an uisge, do shaoil¬
feá go bh-fuil muilionn ann shíos.
Do saoileadh ameasg na sean-daoin¬
eadh go raibh so amhlaidh. Dubhradar gur
mhéil sé arbhar in aimsir a n-athrach, &
nach raibh air fhear acht mála d' fhágáil
i g-comhair an scardáin, a's go m-beidh¬
eadh sé 'nna mhin air maidin.
Faoi dheoigh, do chuaidh sean truaill¬
eánach amhrasach aig meádhaigheadh a mhá¬
la, le go m-beidheadh fios aige cia mheud
an dligheadh a baineadh amach. Le linn
an chleasa sin d'éirigh fearg air an
muilleoir síghe agus níor mhéil sé do
dhaoinibh na h-áite ó 'n lá sin amach.
Is áit de'n t-sórt so ar áil le daoi¬
nibh dhul chuige, mar is mian linn go h-
uile do bheith in áit ar chualamar sean-
sguel 'na leith. Is mór é mo nádúr go
Mhuilionn-an-Luipreacháin; nidh nach iong¬
nadh, óir is iomdha lá breágh do chuadhas
go d-ti é in éinfeacht le mo cháirdibh
croidheamhla !
Béidh m'arran agus mo bhrígh eulaighthe
uaim go fóill, acht béidh cuimhne na h-áite
so buan in mo chroidhe go lá déighionach
mo shaoghail.
Nuair is Cruaidh do'n Chailligh Caith¬
fidh Sí Rith.
Ó Leabhar an Fhatharta
Siamsa
an Gheimridh
'Nuair is cruaidh do 'n chailligh caith¬
fidh sí rith." Is sean-fhocal é so imeasg
na ndaoineadh shiar, & sé a mhínughadh go
n-deunann dhuine d-teanata gníomhartha
dóichreidthe mar rinne cailleach an sgéil:
I bh-fad ó shoin, ins an t-seanaimsir,
bhí sagart & a mháthair 'na g-cómhnuidhe
i d-teach in aice le roilig. Bhí 'n mháthair
aosta, & 'na cláiríneach. Bhí an-fhait¬
chíos uirre ó 'n m-bás, & bhéarfadh sí a
saidhbhreas saoghalta air eolas fhághail ó
neach éigin d' ar cuireadh san roilig cia
'n sórt áite bhí acu air an t-saoghal ei¬
le, mar nach rabh sí lán-shásta le teag¬
asg na sagart d' a thaobh.
Bhí go maith: do thárlaigh sé faoi 'n
am sin go bh-fuair fear bás a rabh beusa
aisteamhla aige, & d' fhág sé le ughachd
mála cnódh chur san g-cómhra leis, mar
do bhí an-spéis aige ionnta in imtheacht
a shaoghail. Do rinne muintir a theallaigh
mar d' orduigh sé, & chuireadar an má¬
la cnódh faoi n-a cheann san g-cómhra.
Bhí go maith: Bhí bean torrach san áit
do chuir dúil i g-cnáibh, acht ní rabh aon
chnó le fághail aici. Níor thug sí sgíth nó
stad d' a fear d'a m-bárr ; acht ni rabh
aon chnó le fághail muna rachfadh sé &
an corpán a thógbháil. Faoi dheire b'éig¬
in dó a thoil a thabhairt leis sin a dheun¬
adh. D' éirigh sé san meadhon-oidhche &
d' imthigh sé leis chum an uaigh d'fhosgladh
& na cná bhí faoi cheann an duine mhairbh
a thabhairt a bhaile leis.
Nuair a bhí sé ag triall air an roilig
casadh fear eile leis air an m-bóthar.
Chuir siad caint a's caidreas air a
chéile. "Creud a chas amach thú an tráth
so d'oidhche? ars an dara fear. "Inn¬
seochaidh mé é sin duit má innsigheann
tusa dham cad do chas amach thú féin,"
ars an fear eile "Maiseadh, tá mé
dul ag goid caorach," ars an dara fear.
