AN GAODHAL.
269
"Agus tá mise ag dul leis an g-corpán
do cuireadh andé a thógbháil," ars an
fear eile, ag insint a sgéil dhó ó bhun go
bárr "Maeseadh fan thusa liomsa,"
arsa fear na caorach, "agus béidhmid a
bhaile in éinfeacht." "Tá gho maith" arsa
mo dhuine; & d'imthigh gach cheann acu 'n
a bhealach féin.
Do chuaidh ann fear do bhí air thóir na
g-cnó do 'n roilig ; d'fhosgail sé an uaigh
& an chómhra, fuair sé 'n mála cnódh, &
nuair a shocruigh sé 'n áit arís, shuidh sé
síos air mhullach na h-uaighe ag briseadh
na g-cnódh & ag ithe na n-inteadh, & é ag
fanamhaint le fear na caorach.
Tharla go rabh an sagart amuigh an
oidhche sin ag chur ola air dhuine a bhí
tinn. Nuair a thainic sé a bhaile thuir¬
ling sé d'a chapall & dubhairt sé le n-a
bhuachaill é thiomáint amach san b-páirc.
Rinne sé sin; acht ca fhaid a's bhí sé ag
cur buairthín air an g-capall chualaidh
sé 'n cognadh do bhí ag an bh-fear amuigh
san roilig. Bhreathnuigh sé thar 'n g-cladh
'na thimchioll go bh-facaidh sé 'n fear 'na
shuidheadh air dhruim na h-uaighe. Rith sé
a bhaile 'na h-an-rása, & d'innis do 'n t-
sean-bhean go rabh an duine marbh 'nna
shuidhe air an uaigh amuigh.
"O, cuir air do dhruim mé," ars an
chailleach, "agus tabhair leat mé go d-ti
an uaigh go bh-fághaidh mé tuairisg air an
áit atá aige air an t-saoghal eile."
"Deamhan cos ; bheidheadh faitchíos mo
chroidhe orm," ars an buachaill.
Ní rabh aon maith dhó ann; b'éigin dó
géilleadh faoi dheire & an chailleach árd¬
ughadh leis. Bhídheadar ag druidim leis an
uaidh gur thóig fear na g-cnódh a chean.
"Ohó, fuair tú í," ar sé, bh-fuil sí
ramhar" ?
Do chaith an buachaill an chailleach d'a
dhruim anuas: "Sin dhuit í, ramhar nó
nach ramhar," sgread sé, & as go brách
leis.
Ní túisce thuit an chailleach air an
talamh ná thainic a lúth di; & le teann a
faitchís, níor mhoithigh sí go rabh sé 'nna
cláiríneach; & as go brách léithe-si chomh
maith, & is túisge bhí sí san teach ná 'n
buachaill, d'a fheabhus a rith sé. Agus
sin é úghdar an t-sean-fhocail.
Transl.
Vol. X
p. 291
Féach "Siamsa
an Gheimhridh."
l. 127.
The following is one of a number of old songs re¬
ceived from Mr Dillon J McCormick, Wheeling.
AN t-SEAN BHEAN LIATH.
Casadh 'n chailleach dam as mé brúighte
sárthadh
An ceathramhadh lá nuair chuaidh an coga
siar,
D'fhiafraidh sí dhíom-sa, an balbh tá tú,
No m-buailthir cleamhnus air an t-sean
bhean liath?
Sheas mé air mo chois, & rinne mé gáire,
Má tá do sparán láidir, teann aniar,
Bhéarfad bannaidh dhuit sul d-ti ceann
ráithe
Go m-béidh tú sásta nó gur mór do
dhíol.
Insin do chuimhne mé air mo cheathar
páisde,
'Gus air a máthair bhí go lághach ariamh;
Chuaidh mé ag a t-sagart & d' innis mé
an chúis dó,
'Gus dubhairt gur fhág mise mach a ria'l;
"Fill abhaile, a pheacaidhe ghránna,
Is measa mar táir ná 'n té bhraith Dia,
Sin í 'n bhean d'ith an t-úbhall san gáirdín,
Cuir cúl do láimhe leis an t-sean-bhean
liath."
Sgríobhthainn leitir & léighthinn Biobla,
Ach i m bréig an t-saoghail ní'lim ann;
Béidh mo chulaidh gheal orm go sgoith an
t-síoda,
Agus mo thata gheir-dubh air dath na
smeur;
Béidh buclaidhe airgid in mo bhróga míne,
'Gus nár lághach 'n fhéirín le mealla mé,
Go d-te 'n mhaith sin & mo cháill faoi 'n
ríoghachta,
Gur sean-bhean chríona mé bh-fad i éi'mh.
Do dheunfain bróga go bonn 's uachtar
Agus do dheunfainn cruach & coca féir;
Dá d-téidhinn i g-cumáin i measg na m-
buachall,
An boc do bhuailthin molfaidhe é;
Ní'l mé eolgach meid na guagach,
Is maith mo mhóide air gach uile ghleus,
Dhá d-téidhinn a caraigheacht bheidhinn in
uachtar
Is maith a mholfainn-se mo chailleach féin.
