9Mhadh Rol. Uimh. 12.
BEALTAINE.
1893.
Bean ag Gul, Bean ag Gáire, agus
Bean Eile ag Fágbháil a Náire: Cia
Acu is Mó Dhíol Truaighe?
Siúd ceist a chualamar go minic ann
ar n- óige, ⁊ nuair a chualamar í i d-
tosach d'fhreagramar air an b-puinte,
"An bean a tá ag gul." Ach ní rabh an
seanóir do chuir an ceist sásta le n-ar
bh-freagradh, óir do chraith sé a cheann ⁊
dubhairt: "Táir i múgha, mo bhuachaill"
In sin mhínigh sé dhúinn an fáth a rabha-
mar i múgha. "An bhean a tá ag gul,"
a deir sé, "tá fios a céille aici; tá
an bhean a tá ag fágbháil a náire thair
a fuasguilte; tá an bhean a tá 'gáire
air shlighe cailleadh a céille, ⁊ is sí is mó
díol truaighe." Is amhla tá muintir na
h-Éireann andiu. Táid roinnte 'na d-
trí g-cuid: na Gaodhail, na leath-Ghaill,
⁊ an dream a tá go síorruidhe a gleo-
da ⁊ ag gárrtha i d-taobh a n-Éirinneach-
ta. Ní'l baoghal air na Gaodhailibh; tá
fhios acu cad a táid a dheunadh; tá na
leath-Ghaill caillte, ⁊ tá lucht na ngárr-
tha air shlighe a g-caillte. Seo iad an
dream a tá árd-ghlórach ann a g-cion
air Éirinn ach nach n-deunann dada le
céad-phríomha ríoghachdha, an teanga, do
chosaint; seo iad an dream a tá 'na
seasamh air chloidhe na tórthann eidir
Gaoghal ⁊ Gall, ⁊ nach n-deunann faice
le n-a liteardha do chraobhsgaoileadh a-
measg na n-daoineadh chum a thaisbeán-
a dhóibh gur cineadh foghluimte ⁊ air leith
iad, ach do ghlacas an t-siocair is lúgha
le n-a bhaca: "Uch, tá an Lóchánach ag cur
politics san nGaodhal! Caithfeamuid a
chreaplúghadh agus gan cead dó focal a
rádh ach amháin 'seadh' nó 'ní sheadh!"
Chidhfid go bh-fuil sé chéad páipeur ag
na Gearmánaigh in seo; céad go-leith ag
an Lochlainnín suarach, ach aig an Éirean-
nach MÓR Uaill-ghlórach! — an t-aonrach-
áinín beag amháin, atá beagnach as amh-
arc an t-saoighil, d'a chongbháil cothuighthe,
air éigin, aig bun an ranga, le taca na
b-píghin ruadh ó Phádraicín ⁊ Micilín!
cuiñle i'ighe
teinidh ghiolánach
bodaidh ghiorta,
The
Will of Wisp
(36)
