Sent by Dillon J. McCormick, Wheeling, W. Va —
a rollicking medley on some of the soupers.
ABHRAN AN BHACAIDHE.
Tá prionnsa maith againn mar charaid
san áit so,
'Sé 's ainm in ar laethibh dhó Mr. Labhell;
'Sa mháighistreas mháiseach lághach agus
fáilteach,
A thárladh ó nádúr go cúrasach, fial;
Mac Muire go g-cuiduigh dúinn lánamh¬
uin na páirte,
Mo bheannacht go brách go raibh aig an
g-clainn,
Tá cúrthadh go fearamhuil le inneachas
láimhe,
'Sa máighistreas ní fhacais ó aimsir
chqueen Ann.
Tá párlús ag Padidh, breágh, fada geal
glégeal,
Bidheann deoch ag síol Adhamh ann 's bio¬
táile d'a roinnt,
Máighistir John a' seinnim go binn air
na teudaibh,
Molaim go h-eug é, na rabh sé fhéin tinn;
Tá muillte a méilt ann le tuille agus
ráithe,
Pota gach lá go síorruidhe bruith bidh;
Lucht freastail go fearamhuil d'a chuir
air na plátaidhe,
Stirabout láidir a' bár na min bhuidhe.
An fear a shiúbhal Sasanaigh, Alabuin 's
Éire,
Sé dubhairt sé, I declare go d-tainic a'
rádh,
Gur aig Padidh bhí tóga 'n phlantation,
A's fuair sé an smégh a bhus agus tháll;
Tig dealraigh ó'n ngréin 's ó'n ngealaigh
d'á réir,
Go soilsighean na speura os cionn Tóin-
a-mháis,
Le cúram do'n aon mhnaoi do thainic a'
n-éifeacht,
'S liachtaidhe sin crétúr a thug sé ó 'n
m-bás.
Tá prionnsaigh & iarlaigh go síorruidhe
d'a fhiafradh,
'S guidhe air Dhia í ligionn slán,
Na peacaigh do mhathamh san aithrighe do
dheunadh,
A g cuimhne air a h-aon mhac a ceusadh
air an g-crann;
A Rígh ghil na cruinne nach claoidhte an
cás é,
'S liachtaidhe fear fánach i teacht in a
d-tighe,
Seandaoine & bacaigh, baintreabhaighe 's
páisdidhe.
Taruing an a Mháis & fáilte rómpa ann.
Casa dam bacach anuas ó bhun Néfinn,
A shean bhean 'na dhiaidh, 's nach léithe bhí
an rith,
Cuir fáisnéis a bhealaigh go teach Phadidh
Major,
Agus dúbhairt dá m-beidheadh aréir ann
nach g-codlóchadh amuigh;
An tráth thug mé dí meisneach do rinne
sí gáire,
Chraith di na málaidh & dhaimhsidh sí jig;
Bí gorra, arsa Marcus, tá macrus air
Mháire,
Beidhim an amárach as beodhuigh, air do
chois.
Ní fheudaim do shásúgh' arsa Marcus le
Máire,
Le pianta 'n mo chnámha & m'iosoide lag,
Le bh-fuair mé go asgur amuigh anns an
ngáirdín,
A's m'easnachaidhe gránna gan teagur
nó teas;
Dá m-beidheadh fios aig Padidh go bh-fuil
tú cho fauithe
Chuirfeadh ó'n Máis chugad gearrán a's
cairt,
Cóta san bh-faisiun le dállach go sáladh
'S directsion fé'n g-cás sin as Cathair
na Mart.
A Mhister Dean na féile, tá gift aig
do chéile,
Na h-úghdair do léighidh é, go déimhin deir
liom,
Tráth thurluing an peurla fé bhroinn na
mná naomhtha.
Shoilsigh an reulta thug solus do'n dáil;
Bhéarfadh sí cóbhair go'n domhan dá bh-
feudfadh sí,
'San ucras ní léigfeadh sé éinneach chum
báis,
Le ar ndóchus go cinte, budh ró-dheas é
h-inntinn,
Féach shíos
Vol. XI.
l. 143.
