286
AN GAODHAL
TÁ OBAIR ROMHAT LE DEANADH.
By Anthony Lally.
(As a large number of our readars may not be a¬
ware that the ibh of the dative plural is never pro¬
nounced by the practical Gaelic speaker, it has been
omitted in some instances. The poem — a near rel¬
ative of the "Deserted Village" — is one of the best
and most natural Gaelic productions we have yet
seen. — Ed. G).
Oidhche an teith i d-tús an Fhóghmhair,
Do bhí mé claoidhte, tuirseach,
Thoisigh mé smuaineadh air lucht 'n uabhair
'San fáth d-tainic ádh ortha d-tosach;
'Nois, má's mo codladh nó mo dhúsachd,
Is cumadh go d-te acu,
Acht sciorr mé a bhaile go h-Éirnn
Go bh-feicfin cia 'n chaoi a rabh
An saoghal in sin d'a chaitheadh.
Bhuail mé caladh m-Baile na Bainríghin,
Deich míle i n-deas uadh Chorcaigh,
'S thóig mé train na h-oidhche
As sin síos go cathair Luimnigh.
San seo throid na mná faoi Sharsfield
Air shon creideamh, tír a's teaghlaigh,
Throid siad mar throidfeadh laochra
Air bhár bábhdhúin dhaingeana,
Gur mealladh iad le conradh
Chuir náire in ifrionn ar dheamhanaibh.
As seo gheárr mé treas na tíre,
Siúbhal thré ghrianáin bháin 's gleanntaibh,
Go bh-feicfinn na bailte tuaithe deas'
I g-comhnuidheach mo shinsear ionnta.
Tráth tharr mé i n-gar do 'n áit
D' fhás no chroidhe 's m' inntinn fuar,
Óir ní fhacaidh mé fear a siúbhal ann
Acht maor na n-eun 'gus an bairseoir;
'Gus bhí cineál amharc ann a shúilibh
Nach rabh cairdeamhuil nó fáilteamhuil,
Amhail 'sdá m-beith am' cúmhacht 'n-díbre.
Deunadh bróin ann a n-geur-ghuil,
Ní fhacaidh mé mar budh ghnáthach liom,
Ann aon fhal fear ag obair,
Nó cailín óg nó geárr-chaile
Teacht le mias nó pigín uisge ó'n tobar.
Bhi an aitinn bhuidhe faoi bhláth
Congbháil fascuidh do na tuláin,
Agus bhí driseacha dearg' in aimhréidh
Fás treasna na g-cosán.
A n-aon teach ní rabh fáilte rómham,
Gáirdeachus nó cóirtiughadh,
Óir ní rabh de na bailtibh fágthadh
Ach beanna árd' buala n-aghaidh na stoir-
[me.
Bhí an t-aighean glas le claon
Ag clúdughadh na sean bhallaidhe,
'Gus bhí neanntóg ghorm a fás
Taobh astigh air leacaibh na d-teaghlach:
Bhí an easóg air an g-cloidhe ann,
Ionann 's dá m-beidheadh sí 'na codladh,
Óir ní rabh garsúin le n-a dúiseacht
Ag rádh "Bheanín-uasal" le n-a mealladh.
Annsin shiúbhal mé síos an bothairín,
Agus shiar le h-ais na h-aibhne,
Agus d' fhacaidh mise arís an t-sraith
Nár fhág a riamh mo chuimhne;
Bhí chaoirigh ramhra san g-cluan taobh tháll
'Gus uain óga ag rinc' air na cnocáin,
'S bhí bric gheala a léimneadh ann
Ag beul gach h-uile shruthán;
Do shin mé anns an móin-fheur
Seal, aig éisdeacht leis an traghan,
'S le fheabhuis chuirfinn a ghrág
An aghaidh aon eun eile san domhan.
An baladh bhí air na luibhibh ann seo,
'S féasta ceoil bhí aig na m-beachaibh,
Ní bheidheadh sé ann mo chumhacht a mhíniúgh'
Dá m-béidhinn d'a sgríobh le mo mhairthin.
Air feadh mo radhairc anns na falta,
Bhí boláin mhór' le feoil ag crithe,
D'a m-beathughadh le dhul thair thír amach
Go clann na nGall le n-a n-ithe;
Do thainic air m' inntinn dólás,
Nó, mar déarthá, cineál mearbhuil,
'Gus do thosuigh mé arís a smuainiughadh
'S caint liom féin mar so go fear'mhuil,
Dubhairt mé "O! Dhé 's Athair na ngrása
An Uait-se thigeas gach uile chúmachta,
Nó an Tú thug na talta breágh seo,
Go thíoránaibh mar dhúithche?
Más dóibh chruthaidh Tú eunla 'n aeir,
'Gus an t-iasg atá san uisge,
Budh ro-dhona é d'obair lae i d-tús,
Óir is beag an buidheachus tá acu ortsa.
Gach h-uile lá san t-seachtmhain —
Má chómhaireamaoid an Aoine —
Tá mairt-fheoil rósta air bhord acu,
'Gus fíon d'a ól air feadh na h-oidhche
Co fhaid is tá na basaoile bocht'
Ag romhar, treabhadh, gus a foirseadh,
'S a g-cuid mná cneasda 's páisdidhe
Cathadh leath a saoghail 'na d-trusgadh.
Acht maith damh-sa an cháin
