AN GAODHAL
287
Má tá mé calcadh anns an b-peacadh,
Óir níor chreid mise ariamh ann
Gur dóibh amháin chruthuigh tú 'n talamh.
'Nois d'fhacaidh mé uaim anonn
'N-a sheasadh ag bun crann sceithe
Fear, d' fhacas dom budh bhreághtha
Chuir ariamh uisge air a mhaluidhe;
Bhí dlaoigh chruithneachd in a láimh chlí
Agus cloidheamh soluis in a dheasuigh;
Agus bhí a chulaidh eudaigh de 'n am ársa,
Geárr bhríste agus casóg,
Bhí na cnaipidhe ag a ghlúinibh
Lonnradh mar pheurludhe seacadh,
Agus bhí lásaidhe le n-a chába thart,
Bhí daithte mar tuar-ceatha —
Budh í an chulaidh í budh bhreághtha
D' fhacaidh súil rígh nó prionsa,
Agus ní rabh scáth air nó náire
Labhairt i nGaedhilge mar so liom-sa,
"Músgail suas, a Sheághain," ar sé,
"Agus ná bí rámhaille in do chodladh,
Tá lá breágh na h-Éireann a fáinniughadh
'Gus tá obair rómhat le deánadh."
AN NEASCÓID CHLÉIBHE.
I n-deire na h-aoise chuaidh tharrainn
bhí duine uasal, oighre mór dúthaighe, ⁊ é
an t-saidhbhir, 'na chómhnuidhe i g-Contae
na Gaillimhe nach rabh aige ach aon inghean
amháin — óigbhean bhreágh, gheanamhuil, fhógh¬
luimte, sgíomhach na rabh a léithid le fágh¬
ail 'san ríoghacht. Do ghlach an inghean
tinneas & sháruigh sé inntleacht liaigh na
cúige fuairim do thabhairt d'a ádhbhar.
Faoi dheire, de bhrigh go rabh an inghean a
caoidheadh & ag cnaoidheadh ó ló go ló, do
thug a h-athair cuireadh do liaighibh na
tíre a theacht i g-comhairle le súil go
nochdóchaidís ádhbhar a tinnis & a h-éag
caoine. Do chruinnidh an chómhairle agus
tar éis na h-óigmhná do cheistiughadh i d-
taobh a h-aicíde do thugadar a móide
gur neascóid chléibhe bhí aici, & nach rabh
aon léigheas n-dán di muna bh-feudfuidhe
an neascóid sin a bhriseadh. Do chuir
laudradh na cómhairle buaidhreadh & brón
mór air an duine uasal óir ní rabh aon
oighre eile aige d'a mhaoin mhór shaoghalta
ach an inghean seo, agus bhí sé cho práin¬
neach agus cho cioneamhuil uirre agus bhí
sé air amharc a shúl. In sin d'fhuagair
sé go d-tiubharfadh sé meádhachan na h-
inghíne de ór bhuidhe do aon liaigh a léigh¬
easfadh í. Air an ádhbhar sin, chruinnigh
na leagha budh mhó cailidheachd sa tír a
fritheoladh uirre, ach dá mheud a n-dio¬
cuis chum an duais mhór a gealladh air
shon a léighis do shaothrughadh, ní rabh an
óigbhean i fághail bisighe
Faoi dheire, lá áirighe do bhí liaigh óg
tar éis a gheindiúireadh fhághail i g-coláis¬
te na Gaillimhe. Le muinín ann a inn¬
tleacht féin & neamhshuimeamhuil i sean-
nósaibh leagha na cúige, dubhairt sé leis
féin' "Rachfadh & feuchaidh mé cia 'r tá
air an mnaoi óig seo, & má léigheasaim
í rachfaidh mo cháil i bh-fad 'sa ngeárr &
béidh mé saidhbhir go deo"
D'imthigh leis go d-tainic sé go cais¬
leán an duine uasail & ag insint do 'n
doirseoir fáth a chuartadh leigeadh as¬
teach é & tugadh a láthair na h-óig-mná
é. Tar éis a feuchana, & ag fiafrugh¬
adh dhi cia 'n chaoi ar mhothuigh,sí dubhairt,
"Ní'l aon mhaith in do chuid liaigh; ní'l aon
eolas acu, dá m-beidheadh bhéidhtheá léigh¬
easta bh-fad roimhe seo." Do dhearbhuigh
an óigbhean dhó nach h-amhladh bhí, go rabh
na leagha b'áirde cliú san ríoghacht frith-
eoladh dhi. "Má tá, ars an liaigh óg, tig
leo gnéthe na m-bricneadh a chaitheas tusa
insint: Tionsglóchaidh mise bricnidh os
do choinne; beidh fios agad air a gnéthibh
& má nochtuighid duit iad, in sin beidh mé
sástadh go bh-fuil fios a ngóthuidhe acu"
Bhí go maith. Fuair an liaigh óg aoileach
muice & shuaith sé é le gráinne siúcra &
beagán plúir; chuir in aigheann os cionn
na teine é, & nuair i bhí sé leath-thirm d'
fuin sé é & cheap é 'na bhricnidh beaga, &
ann a cómhair chuir sé iad i m-buiscín &
thug dhi é. In sin d'fhiafruigh sé dhi cia'n
uair i m-beidheadh na leagha cruinnighthe i
g-cómhairle iona láthair, & d'fhreagair sí
go m-beidís ann air maidin an mháraigh
ag an deich-a-chlog. In sin dubhairt an
liaigh óg leithe,
"Air do mharthuinn nó h-innis dó éin¬
neach beo go bh-fuil an busca-bricne seo
agad go d-tigidh na leagha in seo amár¬
ach & go m-béidhid i g-comhairle. In sin
