(1)
10Mhadh Rol. Uimh. 1.
IUIL.
1893.
MÍORBHUILE OILEÁIN INSE GHLÓIRE
(Le Dillon J. MacCormac)
Air coasta [fírimioll] shiar d-tuaith
ag Condae Mhaigheó, i n-gar go Cheann-
Eirris, tá oileán Innis Glóire, ann a
bh-fuil tobar beannuighthe nár fheud aon
bhean braon de 'n uisge do thaodhmadh as
ariamh. Tuairim leith-chéad bliadhain ó
shoin chuaidh bean do bhi dóchasach durab
le sochraid do 'n oileán, 's bhí sé maoidh-
te go d-tóigfeadh sí uisge as an tobar.
Facas do 'n mhnaoi so go d-tiocfadh léi
míorbhuile a dheunadh nach n-deárnaidh
aon bhean ariamh, róimpi ná n-a diaidh.
Nuair a chuireas bean róimpi cromadh
le uisge thaodhmadh as ní túisge thugas sí
iarracht ná thiormuigheas an t-uisge
h-íochdar an tobair, a's ní luaithe,
s cúl na mná iompuighthe leis ná bhíos
t-uisge ag cur thar a bhruachaibh arís.
Chuaidh an bhean dhán-intinneach seo ⁊
do thug si naigín léithe ⁊ thug sí iarracht
trí h-uaire as, g-cos-a-d-tacad. Thior-
maigh an tobar gach h-uair d'a d-tug sí
an iarraidh. Faoi dheire, thainic stoirm
fheirge uirre, ⁊ dubhairt sí go d-tóig-
feadh sí deoch as nó go g-caillfeadh sí
leagan leis. Chuaidh sí an ceathramhadh
h-uair a's cho luath ⁊ chrom sí bhí an t-
uisge thré íoctar an tobair, ⁊ le teann
dánacht thom sí a naigín ⁊ ní rabh léithe
ach gaineamh. Chaith sí an soightheach air
an talamh ⁊ bhris sé é. An trá do chon-
airc na fir do bhí i láthair mar do rinne
sí dubhairt léithe go m-beidheadh sí díoth-
bhuidheach d'a dánacht a's d'a mí-creid-
eamh sul d'a m-beidheadh an bhliadhain
caithtidh. Budh fíor dóibh; fuair sí bás
go h-aithgheárr 'na dhiaigh sin.
Thainic Naomh Brandáin go Innis
Ghlóire leis an t-oileán ⁊ an tobar do
bheannughadh. Ní túisge chuir sé a chos
air chladach Laic na m-Ban ná thainic
caorthánach i g-cosamhlucht mná ag cur
