292
AN GAODHAL
AN t-IASGAIRE & A BHAIN-CHÉILE.
Sgeul-Síghe Gearmanach.
(Le M. Ua C.)
Am do bhí, is cosamhail iomdha céad¬
ta bliadhain ó shoin, do mhair a bh-fogus
do loch mhór iasgaire & a bhain-chéile, da¬
rab anma Hans & Máire Doodledee.
Bhí siad cho bocht sin gur ní raibh teach
fíor acu, achd do mhaireadar i m-both
maide gan fuineogaibh ann. Fós bhí sás¬
ta Hans, achd ní raibh sásta a bhainchéile.
Do mhianaigh sí anois aon nídh & anois
nídh eile. D'fhan Hans 'nna thosd doghnáth,
& do smaoin leis féin. "Dá m-beidhinn-
sí sáidhbhir, no dá m-beidheadh amháin gach
nidh annso, cho luath a's dob áil liom é."
Feasgar n-aon do sheasadar roimh an
dorus a m-botha, & do choncadar thart
timchíoll 'san bh-foigseachd, mar a raibh
iomdha tíghthe breághdha gabhaltidheadh.
Dubhairt a bhainchéile, "Seadh, dá m-
beidheadh teach cho maith againn le teach is
boichte ar g-comharsan! Is féidir
dúinn teach d' fhaghail fós, achd is ro
leisgeamhuil thú, & ní thig leat oibhriughadh
mar do dheanann dream eile."
"Nach n-oibrighim mar oibrigheann
dream eile? Nach seasaim an lá iom¬
lán & iasgairim?" a d'fhreagair Hans.
"Ní sheadh," do fhreagair a bhean, "dob
fhéidir leat éirigh níos moiche, agus cho h-
iomdha eisg do ghabhail roimh ló a's is
ghnáthach leat do ghabháil air an lá iomlán.
Achd is leisgeamhail tú, ní áil leat ob¬
air."
Iar an g-comhrádh sin do chlos d'éirigh
Hans air maidin a mhárach roimh ló, & do
chuaidh sé síos do'n loch le n-iasgaireadh.
Do dhearc sé an luchd oibre aig teachd
do'n mágh le n-oibriughadh, achd níor ghabh
sé iasg. Do tháinic an t-am proinn tim¬
chiol, & do shuidhe na gearradóirighe ádh¬
muid 'san sgáil & d'itheadar a bproinn,
achd níor ghabh Hans iasg. Do shuidh síos
é féin, & do tharraing sé as a phóca a
arán dreóite, & do shlug é. D'iasgair¬
idh sé arís gur raibh an ghrian 'nna
suidhe & do chuaidh i m-báile 'na gearra¬
dóirighe ádhmuid & an luchd oibre, & bhí
sé níos ciúine air an mágh, achd ghabh
Hans náda fós. Mar theastughadh déigh¬
eanach do theilg sé a chochal, & mar do
cluainfeadh sé na h-éisg, do gháir sé, —
"A éisg bheaga, a éisg bheaga 'san bhfair-
ge!" "Cad é tá uait a Hans ionnmhuin
Doodledee?" a d'fhiafruidh iasg beag
do tháinic a bh-fogus dhó, & a d'árduidh a
cheann as an uisge. Bhí iongnadh mór air
Hans is féidir leat go maith a chreid¬
eamhain.
Achd fós do smuain sé. "Ma's é
riachdanach amháin aon nídh a mhianughadh
le n-a fhághail, ní fada congbhálóchad thú
a' fuireach." Do chonnairc sé thart tim¬
chiol, le nídh éigin fheicsin dob áil leis a
mhianughadh. Air an taoibh eile de'n loch
do sheas ríoghlann áluin agus cuideachd
breágh aig cómhrádh ceoil is draoigheachd¬
aighe innte, & do chuibhnigh sé mian a bhean-
chéile, darab áil teach níos fheárr a bheith
aici. Air an ádhbhar sin dubhairt,
"Dob áil liom rioghlann áluin a bheith
agam i n-áit mo bhoth maide."
"Téidh amháin i m-baile & béidh an samh¬
ail sin de ríoghlann agad," dubhairt an
t-iasg beag. do rith Hans i m-baile le
luadhas is mó, & ní cian do chuaidh gur
dhearc sé ríoghlann áluin le fuineógaibh
soillseacha insan áit mar ar sheas a bhoth
roimhe. Agus an uair do chuaidh sé as¬
teach 'san ríoghlann, bhí gach ní cho óir-
dheirc sin, gur ni raibh fhios aige air an
mo do dhéanadh. Bhí casán do'n teach
foghlaighthe le marmur, & bhí urláir na
seomradheadh gaisdighthe agus soilsighthe le
céir, bhí na ballaidh deasuighthe le páip¬
éir óir, do chroch coinnealbhradha mór¬
dhálacha i seomradhaibh árda, agus bhí gach
nídh cho solusda, gur fheud sé air éigin
léigean é féin do shiubhal timchíol inte.
Ní fheud sé creideamhain gur leis féin
bhí an sgiamhachd uile so anois. Do smuain
é féin a bheith air mearbhall, & bhí sé air
tí le n-imtheachd as an áit munadh g-cas¬
adh a bhean leis. Cho luath a's do chonn¬
airc sé í, d'fhiafraidh sé. "Maiseadh a
Mháire an bh-fuil tú sásta anois?" &
d'áirisidh dhí an mó air ar gabh sé an
mórdhacht so. "Créad," do fhreagair a
bhean, "smuainir, & tá iongnadh mór ort
