AN GAODHAL.
293
mar gheall de 'n teach so; do chonnaircas
ríoghlana go mór níos breágha ansan g-
cathair mhóir anuair do bhídheas mo
fhéadmanach annsin, achd is iondulta é
& cianos a d-tig leat a bheith cho dall-inn¬
tineach? do dhearmadais an nídh 's feárr.
Féach air na éaduighthibh bochda so a d-
taoibh an tigh áluin so; Créad í an eug¬
samhlachd do dhéanann siad? Achd is ro
dhall inntinneach thú, & ní mian leat fós
aon uair amháin an chiall bheag a tá ag¬
ad do chur i n-gníomh."
Re n-aithisibh mar sud gointe, do chuaidh
Hans Doodledee go moch air mhaidin
teacht do 'n áit ceudna, do chaith sé a
chochal arís 'san uisge, & do gháir sé,
"A éisg bheaga, a éisg bheaga 'san bh-
fairge." "Cad é a tá uait, a Hans
ionmhuin Doodledee?" a d'fhiafruigh an
t iasg beag arís. Ní fada do smuain
Hans an uair so gur n-dubhairt gur
mian leis éadaighe áilne dá bhainchéile &
dó féin oireamhnach d'a ríoghlann deágh-
mhaiseach. "Is leat iad," dubhairt an t-
iasg beag. Agus fá cheadóir bhí malair¬
te na gibeoga salacha de Hans go cul¬
aith sgiamhach, deunta suas i módh is
feárr an ama úd. Agus anuair do
chuaidh sé i m-baile d' aithin sé air éigin
a bhainchéile in a culaidh mórdhálach.
Air n-a feicsin é aig teachd chuici, do
shín sí amach as an bh-fuinneoig & dubh¬
airt sí. "An bh-fuil tusa atá ann, a
Hans?" "Is mis go deimhin, An bh-fuil
tú sásda anois?"
Is mar so do mhaireadar go ciúin air
seal, achd bhí riachdanach bíadh, & ba mhian
aig Hans le n-iasgaireadh. Achd dubh¬
airt a bhean leis, "Cad é an teasdail
uait le n-iasgaireadh, sguir ód' iasgair¬
eachd, is feárr cofra mór airgid a
mhianughudh." "Is fíor sin," a dubhairt
Hans, & do chuaidh amach do'n loch, do
chaith a chochal 'san áit ceudna, & do
gháir sé air na h-éisgibh mar roimhe.
"Cad é a tá uait, a Hans ionmhuinn
Doodledee?" dubhairt an t-iasg beag.
"Dob áil liom cofra mór lán d'airgead
a bheith agam," dubhairt Hans. "Fill a
bhaile," dubhairt an t-iasg beag, "san
do sheómra codalta do sheasaidh sé."
An uair do ráinic an tighe, do chuaidh
sé fá chéadóir d'a sheómra codalta, &
ansin go deimhin i g-cuinne, do sheas
cofra mór lán de píosaibh soillseacha
airgid & óir.
Bhí deunta anois gach nídh i mór réim.
Do cheannuigh a bhean eich & carbaid, do
ghlac sí faoi thuarasdal iomdha fóghan¬
tuidhe, & do mhair sí i stád mór. Fós
do gháir na comhursana iasg-bhean uaibh¬
reach uirthi. Do bhuairidh so go mór í, &
budh é a h-aon mhian anois d'imirt dío¬
ghaltais ortha.
An uair sin dubhairt Hans, "Cuibhnigh
air an t-am do bhíomar bochd, & mhíona¬
mar amháin teach cho maith le teach i
boichte ar g-comhursan. Anois tá gach
nídh go leór againn, & ó thárla go bh-fuil
go leór againn, bídhmís sásda.''
Achd ní mian léi aon nídh a chlos uim
a bheith sásda, & a dubhairt sí, "An léig¬
fead iasgbhean-diúic do chur orm féin;
an bh-fulangfad uabhar na m-ban de na
comhursanaibh? Ni sheadh; is éigin dóibh
d'aithin cia mísi, taisbeánfad dóibh," &
bhuairigh sí a céile bainríoghan do dheun¬
adh dhí.
Fá dheire do gheall Hans a dhithchiol a
dheunadh bainríoghan do dheunadh dhí. Do
réir sin do chuaidh sé amach do loch na
n-iasg, do gháir mar roimhe air na h-ias¬
gaibh, agus a d'fhiafruigh an t-iasg beag,
"Cad é atá uait, a Hans Doodledee?"
"Is mian liom amháin go n-deunfá rígh
dhíom le mo bhainchéile do riaradh." "Is
rígh tú," dubhairt an t-iasg beag. Agus
an uair do ráinic sé a chaisleán, do
fuair sé go h-óirdhearc malairte, & go
mór leanuighthe é; do ghlac marascail &
óglaighe le eócharaibh & reultaibh é. Do
mhothuidh sé a cheann a' fás ro throm, &
bhí air tí le tógadh a atá as, achd féach
in áit a atá, bhí trom coróin óir air
a cheann, aige & dob' fhéidhir duit air éi¬
gin fhéachain air chulaidh a bainríoghna,
do bhí cho dluth gréasta le ór & seudaibh.
An uair sin d'fhiafruigh sé dhí ma's sás¬
da anois í: Is eadh no go is féidir liom
aon eile nídh níos feárr d' fhághail, óir
do bhéidhinn am' amadán mór dá m-beidh¬
inn acfuineach aon nídh níos feárr fhágh¬
ail & gan é ghlacadh.
(Le bheith leanta)
