AN GAODHAL
297
TÁ BRÓN AIR AN MUIR.
Leis an nGabhar Donn.
Cluinim guth na d-tonn ag géimnughadh glórach air an tráigh;
Och! ní thig lem' chroídhe a thuigsint creud a m-bídhid ag rádh,
Acht amháin go bh-fuilid brónach, a's ní thig leo d'fhagháil
Suaimhneas, óir atá an doilgheas orra-san mar sgáil.
Fiú an uair a táid gan corrughadh, 'n uair a táid 'n a luidhe
Ciúin mar leanbh air ucht a mháthar a g-codhladh sámh na h-oídh',
Cluinim fuaim am' bhróin a g-cómhnuidhe, fuaim na d-tonn ag rádh —
"Tá gruaim orruinn a's ní thig linn suaimhneas d'fhagháil go bráth."
Innis dam, creud fáth, a mhuir mhóir, bh-fuil an ghruaim seo ort?
Creud an fáth a m-bídhir ag dranntughadh? nach bh-fuil agat port
Acht an port uathbhásach, gruamach seo ó lá go lá? —
Innis dam an m-béidh an brón seo air do ghúth go bráth?
Éist, inneosaidh mé an fáth dhuit, éist a's gheubhair uaim
Fáth an bhróin mhóir seo 'tá orm-sa, éist, éist le gach fhuaim;
Muna éisteann tú go h-aireach, anam, inntinn, croídhe,
Caillfidh tú an sgeul go cinnte, éist a's tuig gach nídh.
Ní raibh brón a g-cómhnuidhe orm-sa, acht bhí suaimhneas sámh
Orm mar bhrat an t-soluis ghlórmhair, geal a's nuadh ó láimh
Dé a chrúthuigh tre n-a neart mhór mé a's gach aon nídh,
Grian a's gealach, reulta, talamh, feuch! nach mór A bhrígh!
Air an talamh chuir Sé gardha, gardha ciúin a's deas,
Ins an gardha seo do chuir Sé beirt, 's budh mór an meas
Chuir Sé orra 'nuair a shiúbhal Sé leo-san gach aon lá ;—
Óir dob' áil leis iad gan amhrus, 's chuir Sé orra grádh.
Acht lá éigin tháinic athrughadh noch do mhill go léir,
Obair Dé 's a rug leis pian mhór a's an crádh dubh, geur —
Bhris an bheirt seo dlíghe a n-Dé-ne, tháinic brón a's crádh;
'S déis na coire seo do fuair mé 'n ghruaim is mó go bráth.
Tháinic bás, an rígh uathbhásach úd gan moill 'n a dhiaigh,
Líon sé lán de ghruaim an domhan seo, chuir sé orm-sa gliath;
A's ó'n uair sin gus an uair seo táim faoi 'n m-brón is mó,
A's ní thig liom suaimhneas d'fhagháil dam; sin an fáth gan gó.
Sin an fáth a m-bídhim a g-cómhnuidhe lán de bhrón ag caoi
Ó 'n ngealmhaidin gus an oídhche, 'nuair a táim am' luidhe
Leis an spéir ag soillsiughadh orm go glórmhar, geal a's gorm;
No 'nuair táim faoi fheirg ag dranntugh' bíonn an ghruaim seo orm.
Tá a's béidh an brón seo orm mar bhrat an bháis go bráth;
Och! ní thiocfaidh liom-sa d'fhagháil dam suaimhneas suairc ó'n g-crádh
Noch atá ag luidhe go trom orm, a's air gach aon nídh
Tá am' thimchioll-sa san domhan seo; béidh gruaim orm a choidh.
Eist, a déirid ní bhéidh mise air an neamh úd,
Óir ní gheubhaidh brón nó peacadh ins an áit sin clúid,
A's béidh athas fíor a g-cómhnuidhe ann gach uile croídhe;
