298
AN GAODHAL
Ruaigfidh Dia féin aisti peacadh, brón a's gach drocnídh.
Acht am' áit béidh abhann na beatha, abhann ghlan ag rith
'Mach ó theampoll naomhtha Dé a's ní sgaróchaidh sí
Fear ó fhear mar sgaruigh mise, óir do fhuair siad bás
Dóibh go minic in a n-aisdribh faoi mo thonn fhuar ghlas.
Cluinim gúth na dtonn ag géimniughadh brónach air an tráigh,
Tuigim nois creud fáth a bh-fuilid gruamach a's ag rádh —
"Tá gruaim orruinn a's ní thig linn suaimhneas d'fhagháil Ochón!"
"Béidhmíd air gach lá ag dranntugh' duairc faoi mhéid ar m bróin.
"Nó go d-tiocfaidh neamh a's talamh nuadh ó láimh ar nDé
"Nó go g-cluinfidh sinn an t-aingeal 'rádh — 'Tá gach nídh réidh'."
Ní bhéidh mu r le fagháil ann feasda, ní bhéidh brón nó crádh,
Óir am' áit béidh abhann na beatha suaimneach, suairc a's breágh.
CÚL CEÁRNAIGH.
BY P. A. DOUGHER.
I d-tús an fhóghmhair san m-bliadhan chuaidh thart
Chuaidh mé lá spóirtigheacht thre Rath-na Bheart;
Shiúbhal mé chúig mhíle sul a d'iompuigh mé,
An sin fuair mé mé-fhéin i g-Cúl Cheárnagh.
Air dhroichiod na Maighea taobh Bheul-an átha,
Casadh liom cómhursa gur chraith sé mo lámh;
O ceud míle fáilte deágh shláinte gus ádh,
'Sé mo ghuidhe dhuit theacht go Cúl Ceárnaigh.
Ní rabh'mar ag caint tar momeud nó dhó —
Nuair labhair fear eile suas tapa 'gus beo;
"Caithfidh tú theacht linn go teach Raghlaigh na m-bó —
Béidh cruinniughadh anocht i g-Cúl Ceárnaigh"
Chruinnid mo thimchioll, measaim bhí scór,
Bhí fir as cúig Bailídh ann 's cuid ar Drom-Mhór,
Bhí Rucard Giolleaspuic leo, an gabha 's cóir,
Ar bhuail ord trom i g-Cúl Cheárnaigh.
Le leisg a bheith dána gheall mé dhul leo,
Budh mhaith an cómhluadar ar chuir me spéis iona n-glór;
Bhí P. J. Ua Seireadáin leo, sgoith na bh-fear óg,
Budh é ceannfuirt na n-daoineadh Chúl Cheárnaigh.
Shiúbhalmuid le chéile go dtainic an oidhche,
Ó shráid na d-Trí Muilionn go bárr Árd-na-Rígh,
Air na bóthairibh is breághtha a bh-fuil in aon tír
Tá as sin amach go Cúl Cheárnaigh.
D teach Thomáis Mhulláine shuidheamar síos,
Gus bhlais muid an poitín ann 's chaithmid an píp,
As sin g ti maidin bhí an reicneáil d'a íoc —
Budh fiúghantach iad muintir Chúil Cheárnaigh.
