﻿302
AN GAODHAL.
TULA na nDÁLA
le U. O'B.
Ag triall go Tuaim, ní beag le rádh
an chomhgáir [cómhgar] do bheir acara
[aithghiorra — aiceara] Thula na nDála
do 'n choisuidhe má thóigbheann sé na
goirt Is iomadh caoi caithtear an t-
am bhídheas bealach air bith gh'a shiubhal.
Bidhid daoine ag léigheadh, daoine ag
caint, daoine ag smuaineadh; cuid ag
gabhail amhráin, & cuid eile ag caoineadh.
Saoilim féim nach n-deachaidh aon neach
tríd an fheilm seo riamh gan a shúile do
leagan air shean bhallaidhibh fód. Atá
sé i g-corr áit roinnte 'na ghoirtínidhe,
& is maith innseochas sé cia 'n chaoi righ¬
ne luchd an ghrodha a ngnó gránna ann.
I bh-fad ria teacht an droch-shaoghail,
do bhí daoine 'na g-comhnuidhe ann a raibh
ithe & ól a sáith aca gidh b' fhéidir nach
raibh go leor de 'na bheadaighaechd. Bidh¬
eadh sin mar bhí, atá rud amháin cinnte -
go rabhadar sásta Acht mo thruagh &
mo bhrón! do thainig lá air mhuintir na
h-áite so, do chonnairc iad sgriosta le
ocrus & díbirthe as a m-baile beag féin,
go iar g-coilltibh Mhericiá — áit in a
raibh orra cur suas le brúideamhlacht
na m-beitheach & na bh-fear, le ain-teas an
t-Samhraigh & fós le fuacht millteach in
san nGeimhreadh. Uch! nach fíor do'n
fhilidh a deir gur féidir le prionsaibh &
le tioranaibh do bheith in a m-bláth ná gan
do bheith, óir is é a m-bochdaineachd an
rud is geárrshaoghalaighe san domhan,
acht má théidheann luchd comhnuidhe baile
bhig air fán, ní bh-fuil sé i n-dán dóibh a
g-cur air a n-ais. Seo í an fhírinne
chráidhtigh fhágas de thráthnóna Samhraigh
uain ag léimneach i g-comán Thula na
nDála in ionad páisdeadh an bhaile. Ach
ó thárla gur sgeul é seo do gnidheas do
chéad áit chomh maith le Tula na n-Dála,
uimpeochad uaidh anois.
Is minic adubhras liom féin, go m-ba
mhaith le cuid d'a léigheann an GAODHAL
fios do bheith acu gur b' in san áit seo
do rugadh athair an Count de Lally úd
ag a raibh caithréim chomh mór soin in
arm na Fraince. Do bhí an t-athair é
féin in áirdchéim, óir do bhí sé 'na thaois¬
each san arm ar chosain Sáiréal Luim¬
neach leis. Do chuaidh sé annsin do'n
Fhrainc, & do chaith sé a shaoghal ag troid
a cúise in aenfeacht le mór chuid de
mhuintir a thíre. Air an ádhbhar sin, tig
linn cur síos dó, go raibh sé faoi mheas
amuigh & a m-baile
Má ba mhór cáil an t-sean-fhir, ba mhó
seacht n-uaire cáil a mhic. Do bhí sé i
bhFontenogh, & ins gach áit d'ar bhuaidh an
Fhrainc mar gheall air mhuintir na h-
Éireann do bheith in aenfheacht léithe D'
éis an meud sin oibre, ba bheag é buidh¬
eachas muintre na Fraince air. Do
cuireadh i m-báis é go náireach "gan
cuimhne air an t-arán do h-itheadh."
Is iomadh léightheóir a d-tig leis sgeul¬
ta na bh-fear so do innseacht níos feárr
ná mise, má chuireann sé beagan tríob¬
lóide air fhéin. Go deimhin is cosamhail
go m-bé Voltaire an fear b' fheárr eol¬
us in a d-taobh, óir do mhol sé go ceart
iad — rud nach n-deárna sé acht in aghaidh
a chos le aon Éireannach dh'a raibh ariamh
san bh-Frainc. B'é a mhian onóir gach
catha do thabhairt do na Francaibh. Is
mar so atá an saoghal — uile dhuine d'a
thír féin.
Sul do thiocfad go críoch is ceart do
rádh nár chuir aon áit ariamh Tula na
nDála chomh mór i g-cuimhne dhom leis 'n
t-Sráid, an áit do rugadh Mhicheál Daibh¬
it. Atáid i g-cosamhalacht air uile chaoi
agus béidh go h-athrughadh saoghail, acht
amháin, nach n-dearmadóchaidh na h-Éir¬
eannaigh an té do sheas dóibh in a n-an-
shógh.
IRISH ECHO — GAELIC JOURNAL.
Griffin & O’Farrell, publishers.
37 Haverhill St., Boston, January, 1891.
“Old subscribers will, we are sure, have little
difficulty in recognizing the old Echo under a new,
and we trust, a more appropriate name. * *
We beg to acknowledge the following sums, to as¬
sist in defraying the cost of publication of a Gaelic
text book based on the "Natural Method” of teach¬
ing languages. All remittances for this purpose
will be duly acknowledged in the Gaelic Journal."
Here follow the names of 60 gentlemen — Arch¬
bishop Williams, 22 priests, and 37 laics, subscrib¬
ing from $5. to $25. each, amounting to $400. We
ask if our criticism in last Gael did not let Mr O’Far¬
rell down very easy in the face of this swindle ?
