306
AN GAODHAL
AN m-BRUINNIOLL ÁLUINN ÓG.
le Tomás Ua Gríomhtha.
Fonn — Badhb na g-Craobh.
Maidin bhreágh shamhraigh is mise
Taisdeal go ciúin sa ród,
An drúchd air bárr gach ribe,
'S na h-éinínnidh seinim a g-ceóil;
Do dhearca-sa 'n Chuillean am choinne
Bo dheise 's bo bhreághtha snódh
Ná Déirdre, Hélen, sa tuille
Dá g-cuirid na dáimh a g-clódh.
Bhí cuacha na n-dualaibh le tuitim
Na sruthaibh ó chúl go bróig,
A h-éadan, a béul, 's a mala,
Sa pearsa gan smúid gan cheo —
Bhí déid tiubh mion glégeal, mar shneachta
Do thuiteann air craoibh sa bhfómhar,
'S mantel do'n t-síoda air an aindhir
Bo ghlaise ná 'n féur air móin.
A nuair theárnadh 'n spéirbhean am aice
'S dhearcus a sgéimh sa clódh,
Bhí caortha trí lítis na leacain
Sa sneachta air snámh na snódh;
Bhí fallaing mar réiltibh air lasa
Le fleasgadh do cruidh-dhearg óír,
'S a bróga le ór leachta nighte
Air a m-bruinnioll ro áluinn óg.
D' fhiafraigheas féin do'n m-bruinniol
Go cneasta le friotal mo bheóil,
Ar bh' aon í do bhéithe na Sacson,
Nó an Aindhir thug áir ar threoín;
'S búbhach blasda béusach do labhair —
"Tá m'fhearaibh air fághan go fóil,
Anois glaodhfad mo tréan fhir tar cal¬
aith
'S béidh gradaim ag Gránne rómhainn.
'S binn milis, arís d'fhreagair
An aindhir mé a nGaodhailge chóir —
"Tá mo bhréithre, mo nós, is mo theanga,
Faoi sgamal le tréimsi mhór —
Do thréigeadar mo léighion is mo theag¬
asg
Air mhalairt an Bhéurla nuadh,
Acht gan bhuidheachas dom námhaid is don
t-Sacson,
Béidh mo theanga faoi cháil go deo."
FÁN AGAM, A STÓIRÍN.
Leis an nGabhar Donn.
Fan agam, a stóirín, is uaigneach mo
chroídhe-se;
Is mian liom cómhluadar a dheunadh leat
choídhche,
Is suairc liom do chaint-se, 's nuair tá
tú lem' thaoibh-se
Is breágh liom an saoghal, a's is áil liom
na daoine.
Bídheann grádh fíor ad' shúilibh, mo mhúir¬
nín, a g-cómhnuidhe
Mar reultaibh na spéire ag dríthleadh
go glórmhar;
'S mar sruthannaibh Éireann is binn
liom do ghlór-sa;
Fán agam, a shearcghrádh, a's cuirfidh tú
bróid orm.
Fán agam, a sheoidín, a shúirín, a mhúir¬
nín,
Deun caint liom a g-cómhnuidhe go sult¬
mhar, sámh, súgach,
A's brúchtfaidh gealathas mo chroidhe
'stigh 'n a shluaightibh
Thú d'éisteacht ag caint liom, a rúin
ghil gan gruaim ort.
Ní cóir duit mé thréigean, ní thréigfidh
mé thú-sa;
'S tú solus mo bheatha; is deas liom do
chrúth-sa;
Ceangeoladh mé féin leat gach móimid
níos dlúithe,
'S am' gheugaibh is mian liom tú ghlacadh
an uair seo.
Only a few individuals, really, guide the destinies
of nations, Gaels are sufficiently numerous to guide
theirs if they only work with energy. Nothing de¬
monstrates this so forcibly as the public press's en¬
comiums on the Gael ; and these encomiums are ir¬
resistibly accorded because the Gael is a living sub¬
stantial evidence of the reality of what had been
treated as a pleasing romance ; namely, the ancient
learning and civilization of the Irish race. Hence,
any Irishman who does not endeavor to circulate
this evidence fails in his duty to his offspring ; and
if he proclaim himself a patriotic Irishman, he lies,
and his actions prove that he does.
Gaels naturally feel some pride because of the
encominms which the public press, from Texas to
the Highlands of Scotland, shower on their little
journal.
