(3)
10Mhadh Rol. Uimh. 2.
3.
SAECHT-MHÍ
1893.
Wheeling, W. Va., Sept. 1893.
Cómhoibridhe is Cóir do Gach Éirannach
a Dheunadh.
Fiacha ⁊ dualgas atá riachdanach do
gach h-uile Éireannach iona bh fuil cion
no meas aige air Éirinn no air an
teanga Ghaodhailge, congnamh a thabhairt
do réir a mhaoine chum an Gaodhal fhóir
leathnughadh. Ní'l gar dom mínúgh' dhóibh
faoi n-a leith, mar tá fhios aca féin
níos feárr ná tá agam-sa an luach-sao-
thair gheobhfadh sinn air an t-saoghal uile
faras go d-tugamar beagán cuideachan
leis an nGaodhal ⁊ an teanga Ghaodhail-
ge chongbháil ó'n m-bás. Cuireann sé
iongantas mór orm faoi 'n fuar-ghrádh
atá a roinn de na h-Éireannaighibh le
laighead a meas' air an teangain Ghaedh-
ilge. 'Nuair a labharas le cuid acu
leis an nGaodhal a thógbháil, 'sé 'n leith-
sgeul atá acu, "O, tá muid ró shean * le
aon pháirt a thógbháil a d-taobh an Ghaedh-
ilge leathnughadh." Cuirim a g-cás go bh
fuil, ach ní'l a g-clann, no clann a g-
cloinne, ró shean leis an teanga bhreágh
mhilis a labhair Naomh Pádhruic leis na
draoidhthibh, ⁊ gur iompuidh sé leis an
teangain áluinn sin iad ó phágánaidhe
go Críosdaidhe, ⁊, mar an g-ceudna,
gur leis an d-teangain Ghaedhilge dhíbhir
se na deamhainn ⁊ na náithreacha nimhe
as Éirinn
O, a Thighearna! nach sinn-ne na daoine
gan mhaith ⁊ laighead an mhais atá againn
uirre — an teanga chleachta sinn ⁊ na
h-aithreacha rómhainn as sin go an tráth
i láthair. An bh-fuil sibh dul a ligion an
bháis anois air sgáth beagán conganta
thabhrirt do'n t-aon fhear atá cathadh a
shaoighil ⁊ a shláinte air son an teang
Ghaedhilge chonghbháil ó'n m-bás : 'Sé an
fear sin M. J. Ua Lócháin.
Má's nidh é go bh-fuil sé i n-dán go bh-
fuidhe Éire a Riaghail féin arís, creid
m'fhocal go m-beidh diomús ag roinn de
