na h-Éireannaighibh dóibh féin mar ná'r
chongbhaidh siad an Ghaedhilge i g-cleachta
& i g-cuimhne. Má bhrathnuigheann siad
air an nós a bh-fuil muintir náisiúnta
eile a gcoinghioll & ag congnughadh le n-a
d-teangtaibh, & d'a labhairt, budh chóir
samplughadh leo, & dá d-tiúbhraidís rionn
de'n airgead chuireas siad amúgha cean¬
nach páipéar & leabhar breugach le cong¬
nadh thabhairt leis an Ghaodhal a mheudúgh'
níor bh'fhada go m-beidheadh páipéar do
'r g-creideamh & do 'r d-teanga féin a¬
gainn go m-ba meas & onóir dúinn é.
Tá mé lán chinnte go n-deunfadh sé
maith mhór air shon an Gaodhal fhóir-
leathnughadh dá d-tugfadh na sagairt
Éireannach san tír so focal meisnigh d'a
b-pobal an Gaodhal a thógbháil air sgáth
60c. Is fiú an t-airgead an nós ar noch¬
duigh tú daltacht & míchreideamh Alban¬
ach Chondae Mhaigheo. Tá an Gaodhal
saor air dolléir 'sa m-bliadhain. Ní
bhéighinn d'a easmhuidhe air dhá dolleir ní
shé 'mháin 60c. So dualgas is cóir do
gach Éireannach chuir air féin, congnamh
thabhairt de réir a mhaoine leis a nGao¬
dhal a leathnughadh, mar nach bh-fuil aon
pháipeur Gaedhilge sa tír so ach é, is ba
chóir dúinn ar n-díthchioll a dheunadh le
toghadh páipeur dheunadh dhe. An mhuin¬
tir a chuireas i g-céill go bh-fuil a g¬
croidhe & a n-anam i g-cion air Éirinn
le n-a g-cuid glámaireachd & grágaoill,
'siad is lúgha thugas congnamh leis an
teanga Ghaedhilge leathnughadh.
Dá m-beidhinn-se cho urlabhartha no cho
duileamhuil le daoinibh eile sgríobheas
chum an Gaodhal, chuirfinn chugad litreach¬
a go h-an mhinic le có-oibriughadh leat.
Tá gáirdeachas mór orm faoi do chaith¬
réim os cionn na n-daoineadh m-budh
mhaith leo féastrach chuir ann do bheul
air nós nach g-caithfidh tú aon pháirt do
thógbháil i bpolitics, gan a rádh ach seadh
no ní sheadh. Cuimhnighdís gur tír í seo
iona d-tig le gach cathruightheoir d'a bh-
fuil inte Dia a ghuidhe de réir a choin¬
siais & gach nidh is toil leis a labhairt a
dheunadh gan faitchíos féastrach a chur
in a bheul no a chaitheadh i b-príosún. Ná
tugadh aon neach eugcóir uaidh do'n fhear
mhaith tá deunadh níos mó ná aon fhear
eile sa tír so air son an Gaedhilge
leathnughadh le dúthrachd & intleacht chinn.
Ní dheunan sé dochar sáiteán beag a
thrbhairt do'n dream a tá i g-cúmhachta
le bhótaigh na n-Éireannach le cur n-iúl
dóibh go bh fuil ceart mhaith aig Éireann¬
aibh roinn mhór de 'na h-oifigidh 's feárr
sa tír d' fhághail, is ní shé sin amháin, ach
go d-tugamuid le taisbeánadh dóibh gur
cúmhachta láidir sinn & nach buidheachas
linn ar gceart fhághail. Ar an ádhbhar sin
cómhoibrighe muid leis agus tóigeamuid
roinn de 'n ualach dhe le n-ar b-peann &
le n-ar b-purse air nós & go g-cuirfidh
sé n-iúl do'n mhuintir nach bh-fuil air ar
d-taobh nach bh-fuilid ag iarruigh ach ar
g-ceart, & sin caithfeaumid fhághail gan
buidheachas.
Tá dólás croidhe air gach sagart &
gach Caitiliceach & air go leor Pradus¬
túin san stát so mar gheall go bh-fuil
ar n-easbog d'a athrughadh as so gó St.
Louis, mar nach furasta fear fhághail
líonfas áit sa g-cranghile. Ach ó chaith¬
fidh sinn sgaradh leis is maith linn go bh-
fuil sé d'a onórughadh le Árd-easpoig a
dheunadh dhe. Cuirimid go léir ar m-
beannacht leis, & iarramuid impighe air
Dhia saoghal fada thabhairt dhó le frioth¬
óladh do'n treud bheidheas faoi n-a chúr¬
am.
Tá mé do go h-oibliogáideach do shear¬
bhfhónta.
D. J. McC.
[Nach h-áluinn agus nach blasda an
cainteoir Dillon J. McCormick ? agus
nach ciallmhar? Tá ceann fada aige.
* Dá m-beidheadh siad a g-cómhair an
phuiblighe ag iarruidh oifige, ní bheidhdís
ró-shean ag glacadh togha na nGaodhal.]
Sean ráidhte.
Is mac duit do mhac go b-póstar é,
Ach is inghean duit d'inghean go d-téidh
sí faoi 'n g-cré.
Is furas fuineadh in aice na mine.
Fiúghantas gan fabhaltas bánuigheann
sé teach.
