316
AN GAODHAL.
The following matter was sent to the Irish-American for publication by
Mr. O’Shea in March last in reply to T O’N Russell’s unfriendly criticism
on Standish O’Grady's book, and as that paper did not publish it (and for what
reason we cannot understand), Mr. O’Shea sent a copy of it to us with a re¬
quest to publish it, which we do with pleasure not only because of the excel¬
lence of the composition but because it is an act of justice to Mr. O’Grady.
Do bhí again sealad fear labharta Gaodhailge chóir
Acht bhí sé breabaithe aig Sacsain chum éithigh mhóir,
Do sgéidh a's do leatha air mhathaibh a's uaisle Gaodhal,
An bárd ruadh ainim, níor mhath a's níor bhuan a shaoghal.
B'í a shlíghe siúd tarcuisne teangan budh dhéine neart,
Gan chlúd do thabhairt do fhlathaibh na n-Gaodhal gan cheart,
Chum mórdhail cheanfhais a's ghaisge as gach croídhe do shlad,
Agus náire a's aithis do tharang air Gaoíghil air fhad
Tá duine anois aguinn d'á shamhailt a méin 'sa g-croídhe
'Nar béus leis aithis do thabhairt dh'ár n-éigse grínn,
Gach aon is feárr ainim a's acfuin a léighiontacht bhínn,
Tá cáinte aig stracaire cealagach, táir mar chím
Nuair thriall sé chúghain budh ionghona an t-saoghail liom
A leithéid d' fhothoram fhollamh gan éifeacht,
Air fuaid na tíre sgaoílthe am éisteacht
Aig siullaire gaoíthe air díth deigh-léigheantacht.
Do sgaoíleas tharm é, mheasas go m-b' fhéidir
An tóirneach glugair 'sa stoirm mhór-bhéiceach
Go n-dúiseóch suas mór-shluagh na h-Éirionn,
A's go d-tabharfadh preaba d'a g-crathachaibh Ghaodhalach.
Budh gheárr gur atharaigh agair Emmét-aigh
Uagh Bhéurla blasta go teangain na h-Éirion,
Go beárnach, basgaithe, scainileach d' aon neach
Do labhair an teanga mar chanaid luchd léighin í.
An uair sin fós níor mheón liom sgéidh air,
Ní toil liom acharan sparaineach gaodach,
Bhí buairt a n-dóchain mhór idir Ghaodhalaibh,
Do sgaoíleas a shrian leis, ciach a's caocha air.
Budh bheag an mhathas do'n Aithir mhac Éagáin
Cómhairle a leasa do thabhairt do'n daol so,
Má éist sé sealad, budh ghearaid an trémse é,
Créim a's gearra, sé beatha an Ruiséalaig.
Anois ní bh-fuil fearaire aibigh, deigh-léigheanta
Ionn sa Ghaodhailge acfuineach, thaithniomhach, aorach
'Na bhéul na taraingean trasna an Ruiséalach
Go taodmhach, tarcuisneach, asmuilteach, éadmhar.
An scoláirthe álain O'Gráda, tréitheach;
An Pléimionach suairc, fear stuama, aosda,
An stócach doimhin a bh-feidhim sean-léighiontacht,
Agus thug sé fúghamsa a g-cúrsa a shaothair.
