AN GAODHAL.
317
Níor bh-fiú liom freagairt do'n racaire éithig
Go bh-fuaireas aga air labhairt leis féin seal;
Do mhínís tapaigh é an agair na Gaodhailge,
A's do chuireas chum rath' é a's lasair an éadan.
Uagh dhá shíol d'easgair an falcaire fraochmhar,
Siúcire a's falan measgaithe an aonfeacht;
Cia gur blasta bhion ceachtar an aonar,
Ís grána an measga, ní thathnion le h-aon neach.
Leath lán Ghalldha agus leath fíor Ghaodhalach,
An síol budh mheasa air thalamh na h-Éirion, —
Cuir láir a's asal a bh-faraid a chéile,
Tígheann uatha speachaire, seachain bheith taobh leis.
Measan a leithéid, le beag-éifeacht cora-mhíola,
Go n-árdaighean an ghaoth 'nuair a dhéinean feadíola —
Go g-críthean an saoghal mór le séighde a shróna,
A's go g-crothaid na spéartha le tréine a dheóna.
Is truagh an bhocht-óinmhid gan eólas ná fáth-chruineas,
Aig dul a g-comórtas leis an Óllam O'Gráda anois,
A tabhairt do cómhairle mo sgólla ! níor ghá dho,
Budh cirte go mór dhó a ghlór féin do bádha.
A cheann cheangal tíomchall le bíndiol do 'n t-súsa,
Posóid d ól a's luíghe síos a síor shuan gan dúiseacht:
Budh mhaith an t-adhbhar suamhnais d'ár g-cualacht bodhar chrá¬
[ite
A cheólta droch-fhuaimneach bheith suanta no báite.
Measan an duine seo go bh-fuil sé léighionta
Go h-árd suas a n-duantaibh Gaodhailge,
A sgríbhin choitchean ní bh-fuil cothrom ná ciall lé,
A's a d-taobh a chuid filídheachda deinean an diabhal lé.
Aon tuaiplis amháin ní fuláir dom ínsint
Thabharfaig gáire d' Ó'Gráda, saoílim;
Tá fhios aig gach aon — an sa Ghaodhailge líomhtha,
Nách ionan éifeacht do riamh 's do choidhche.
An Gaodhailgeóir gradamach theagascan daoíne,
A's do mhúineann léighion d'ár n-éigse is caoíne,
An t-árd O'Néil Ruiséalach smuínigh,
Gur iompaigh na foclail seo tochartha tíomchall.
Tá so clódh-bhuailte a's tá an leabhar díoltha,
A's tá sé agamsa taisgéthe dílis,
Tá uimhir basca air an d-teangain iona thiomchall,
Achd é seo amháin is gá do mhaoímh air.
"Do bhí sé riamh agus béidh fós choídhche,"
Sin caint tá coitchean do phobalaibh daoíne,
Ár n-oide nuadh thóg comhar coimhidhtheach,
Chuir choidhche a n-áit riamh agus riamh a n-áit choidhche. *
