10Mhadh Rol. Uimh. 4. SAMHAIN. 1893.
57 Penn St. Prov., RI.
Sept. 26, '39.
D' Fhear Eagair An Ghaodhail:
A Shaoi Dhíl,
Do labhair tú go fírinneach ins an
uibhir dhéighioanach anuair i dúbhairt tú
go m-budh chóir do gach uile léightheoir de
'n Ghaodhal léightheoir eile fhághail duit.
Go deimhin is sé sin an rud budh lúgha
do badh chóir dúinn do dheunadh dhuit má
tá maith ar bith ionnainn, go h-áirighthe ó
thá fhios againn an congnadh & an mhaith
a dheunas sgapthadh ⁊ meudughadh an
"Ghaodhail" do chúis na Gaedhilge.
Gidh nach n-deárnaidh mé fhéin dadaidh
go fóil, ⁊ go bh-fuil mé ameasg fhallsa,
míomhathasach, deunfad mo dhithchioll
feasda gan a bheith cionntach níos fuide,
⁊, le tosúghadh maith do dheunadh anois,
cuirim chugat ceithre anmanna, le trí
dolar, ⁊ cuir an Gaodhal aca air feadh
bliadhna. — Seághan B. Ua Morochughadh,
Seághan Ua Morochughadh; an bhean uas-
al, Máire ní Dhoimsaigh, agus mo chara,
Risdeard Ua Donobháin.
A Shaoi Dhíl, is feasach dom go bh-fuil
cosamhlacht bhreágh air chúis na Gaedhilge
go déighionach léir an chúntais fhághas as
an m-baile leis an oiread leabhar agus
páipéar Gaedhilge teacht amach sgríobh-
tha le Éireannaighibh, Albanaighibh, Sacs-
anaighibh, ⁊ Gearmánaighibh (go g-cuiridh
Dia an t ádh orra), ⁊ leis an t-suim
tá go leor de na daoinibh móra sa m-
baile ag cur anois air deireadh shiar
(basgadh orra, budh doilghe a bhualadh a-
steach ionnta). Tá sé cinnte má thug-
ann siadsan congnamh ná meisneach ar
bith dhó go ngabhthaidh sé air aghaidh go
buan; ⁊ gidh gur dorcha 'n t-am a chuaidh
thart d'ar d-teanga bhocht, tá 'n gealán
againn anois ⁊ is follus go m-béidh an
t-soillseacht annso gan mhoill.
Chor le sgeul, saoilim go bh-fuil an
"Gaodhal'' fhéin a leasughadh go mór go
