AN GAODHAL
327
cur fuaralluis ion a dhortaibh dhe. "Thug¬
as," ar an m-buachaill. "Ní inneósair
bréag go bráth arís," ar an righ, ag bua¬
ladh buille de 'n t-slaitín draoidheachta
air & do rinn golláinín u glas de.
Tháinic críoch an lae & na lán-bliadhna
acht má tháinic ní raibh mith ná maith an
té d'imthigh le fán & fuacht an t-saoghail
ar faghbháil. Bhí seachtmhuin de 'n téar¬
ma gan caitheamh fós acht thiallthuigh v sí
léi cómh maith leis an g-cuid eile.
Annsan dubhairt dara mac na bain¬
treabhaighe, "A mháthair beirbh lón dom"
Do bheirbh & do rinn leis mar a dhein leis
an bh-fear eile. Thóg sé so ailcis do
rogha an bhairghion mhór & mallacht a mhá¬
thar, & d'imtigh leis. Is é an rud céad¬
na thárluigh do & d'a dhearbhráthair réamh-
ráidhte.
Táinic an treas bliadhain & ghabh an té
b' óige air fein imtheacht leis cómh maith
céadna. Beirbh lón dam a mháthair," ar
sé. Do bheirbh sí dhá bhairghin do amhail
do dhein do 'n dís eile. "Ca 'ca is
fearr leat," ar sé "an bhairghion mhór &
mo mhallacht nó an bhairghion bheag & mo
bheannacht?" "Tógfad," ar se, "an
bhairghion bheag & do bheannacht." "Go g¬
comhnuighidh & go g-cabhruighidh Dia leat,"
ar sise.
Glan sé leis & níor b' fhada gur fhág
se a bhaile dhúthchais go cian ion a dhiaidh
& níor léir leis aon-nidh dob aithnid do.
I lár an lae tráth bhí breis teais ag luighe
go diachrach do chruideach air, do shuidh
sé síos, do bhris a bhairghion bheag & d'ith
an mhéid ba mheón leis di. Agus an
ghrian beagnach faoi de shon ciúmhaisín a
bhí ag caitheamh gaotha ar bharraibh na g¬
cnoc nó ag lasadh na néall bhi ag teacht
tímchioll airri chum slán d' fhágbháil aici
sul a d-téidheadh sí faoi 'n tuínn, do
chonnairc se uaidh ó mhullach cnoic fiadh¬
antais caisleán fada fairsiog w fionn¬
aolta & do rinn aghaidh air go díreach
deithniosach. Sul ar thig leis é rochtain
casadh air an fear-uasal ab leis é & d'
éis beannuighthe dá chéile dhóibh d'fhiafruigh
de, an tighearna ag iarraidh bhuachalla nó
buachaill ag iarraidh tighearna é.
"Is buachaill ag iarraidh tighearna
me," ar sé. "Tá go maith," ar an tigh¬
earna, "is fada me ag cuartach do
bauchaill & má 's féidir liom réidhtioch
leat-sa anois is dóigh liom go n-deanfá
an gnó atá agam díot." "Agus cad
é an gnó atá agat díom?" "Ní beidh
le déanamh agat," ar an righ-oir righ na
h-áite b'éadh é — acht trí ba d' feighil."
An lá ar n-a bháireach leigeadh na ba
amach chum an bhuachalla; taisbeánadh an
fearonn fiaraigh do; dubhairt an righ
leis iad d' feighil ann go tráthnóna; &
thug do mar chómhairle gan a g-cloisfeadh
do chloistin & gan a bhfeicfeadh d' feic¬
sint. Thiomáin sé na ba leis. Níor chian
do gur chualaidh sé ceól cruite & cláir¬
sighe. Do gheit a chroidhe le h-áthas acht
do chuimhnigh sé ar an g-cómhairle thugadh
dho & d'imthigh se leis le h-ais teórann
na páirce i radharc na m-ba sul a m¬
beidheadh sé ag faghbháil aitis & aoibhnis
ann. Ar an d-taobh eile de 'n chloidhe
chonnairc se eich loma i b-páirc go raibh
fear orra go cluasaibh & eich ramhra i
b-páirc eile i nach raibh acht an chré cíor-
dhubh. I b-páirc i n-gar dóibh seo bhí dhá
fiach dubh ag gobadh x , ag piocadh y , ag
scríobadh & ag screabhadh z a chéile, gan
síoth, suaimhnios, ná sos do thabhairt
dóibh dhá chéile an oiread ar aon nóim¬
iot a amháin. Do ghabh uamhan & iongan¬
tas eision ar bhfeicsint na neitheadh
neamh-gnáthach san.
An t-am tháinic tráth na m-ba thiom¬
áint a bhaile go g-crúidhtí iad níor b'
aithreachas leis é, mar cé go raibh a
chroidhe calma ni raibh sé saor ar fad
ó faitchíos do bheith air. Thiomáin sé na
ba gus an macha tháinic an bainrioghan
amach & do chrúidh trí coláin do bhainne
breagh slím sleamhain uatha "Tar slán"
ar an righ leis go soilbhir sásta. "Innis
dom anois," ar an righ, "cad a chonnar-
cais feadh an lae?" D'innis sé dho gach
nidh o thús b deireadh,
"Na h-eic loma do chonnarcais," ar
an righ, "ba tighearnaidhe talmhan iad ag
a raibh morán maoine acht in aghaidh
leanamhaint go díograiseach dian-chómh¬
lannach ar lorg a leasa rinneadar toil
& togha d' ainmhianaibh ainiarsmartacha
