AN GAODHAL.
329
SEINÉID — DÁIBHIS,
Leis an nGabhar Donn.
Do cluineadh gúth ag seinim ceoil aon uair
Níos binne fós go mór 'ná ceol na n-eun,
An ceol is suairce tá le fagháil faoi 'n ngréin,
Óir thug an t-saoirse dhó a bhinneas cóir.
"Do tháinic anam 'rís i n-Éirinn nuair
A chualaidh sí an guth ameasg a péin',
Do léim sí air a cosaibh, 's bhí sí treun
A saoirse d' iarraidh air a námhaid diúir.
Anfhada luidhe sí claoidhte, tréith, 's an g-cré,
Gur chualaidh sí do ghuth, a Dháibhis bhinn,
A ghoir go calma í chum beatha 'rís.
Budh chúmachtach do ghúth mar ghúth mhór Dé
A ghoir ó 'n dorchadas an solus glinn:
A's béidh tú againne, a Shaoirse, mar do bhídhis.
SEINÉID — BÁIRD na MUMHAN.
Leis an nGabhar Donn.
Ceud bliadhain o shoin do sheinn na báird go binn
Do mholadh chóir, a Éire, measg an fhraoich air shléibh,
I ngleanntaibh doimhne no faoi scáil na g-craobh,
'N a cheileadar iad féin ó dhlighe 's ó chuing.
Ó dhlighe 's ó chuing an t-Sacsanaigh a roinn
Gach n-duine ó n-a chéile, 's air gach taobh
A thiontuigh siad do fuair siad námhaid saobh
Ag fuireach orr', 's fós sheinneadar go grinn!
Do chongbhuigh siad an Ghaedhilge beo 'n ar measg;
Do chongbhuigh siad seancheol ar g-cinidh beo;
Do chongbhuigh siad stáir na h-Éireann 'gainn gan bás,
A's gídh go bh-fuair siad ó n-ar námh breugtháig;
Béidh 'n grádh is fíre aguinn orr' go deo.
'S coingbheóchuidh sinn a g-cuimhne úr a's glas.
SEINÉID — CEARBHALÁN.
Leis an nGabhar Donn.
Éist! éist! óir cluinim ceol, ceol suairc an chroídhe
A sheinneas dúinn, mar theachtaire ó Dhia ;
Nach g-cluineann tú a ghúth? 'nois sguir ó d' ghliath
A's cluinfidh tú an ceol is feárr air bith.
Gídh duine dall, ní dall a inntinn ghroídhe;
Gidh duine bocht, de'n saidhbhreas fíor an triath;
Ceanamhail a's grádhach, de 'n fhírinne an sgiath;
Do 'n ghreann síorchlaonta; de na bárdaibh rígh.
A Chearbhaláin, gidh tú an bárd budh mhó
A rug 'riamh cláirseach Éireann díl 'na láimh
Ó aimsear Oisín gus an lá a n-diú;
Ní tú an bárd is déireanuighe gan gó,
Óir 's beo fós Éire a's a teanga sámh,
Béidh báird ann seal tá 'n teanga seo faoi chlú.
