(5)
10Mhadh Rol. Uimh. 5.
GIONBHAR
1894.
CÚIGEADH LA MÍ NA SAMHNA,
1893.
A Shaoi Dhílis, M. J. Ui Lócháin :
Sgríobhaim an litir so chugad le cun-
tas a thabhairt dhuit, ⁊ go léightheoiribh an
Ghaodhail, ar oibreachaibh bitheamhnaigh de
shliocht Mhesligh, leomhan in eudach uain,
ceann de fhaigh fállsa 'n diabhail atá
sgaoile, ⁊ 'na cheannfuirt an so air na
nó-nothings, faoi ainm nuadh — Ameri-
can Mechanics, air an t-seachthmhain so
chuaidh thart. Chuaidh an diabhal so i g-
cosamhlacht duine — sé is ainm dó, Ric-
ghis — 'na cheannfuirt air chúig chéad dh'a
locht i seirbhís an diabhail, ag teach sgiol-
la na n-ollann le preintionas bhráit na
tíre dheunadh de theach na sgoile. Leith-
id de chloichbhéimneach ní fhacaidh tú ag
aon t-searach asail ó do mharthainn ⁊
bhí aig féin ⁊ aig a chlann diabhal bhí iona
choimirce. Dá leigfidhe sgaoilte bh-fuil
de dhiabhal in ifrionn ní thiocfadh leo ní-
os mó gleo a dheunadh ná rinne siad.
Cuirim in seo roinn d'a chaint, deir
sé : Ministéir de 'n t-soisgeul mise, ⁊
go g-caillfidh mé mo láimh lé pairilis
sul da d-tóigfinn mo ghuth anaghaidh na
stáite; ⁊ deir sé, Ní'l aon cheart aig
aon teampoll nó creideamh eile labhairt
anaghaidh ar stáite nó ar sgoil. Aon
teampoll a thóigeas a ghuth anaghaidh ar
scolteacha cuirfidh me mo ghunna ar mo
ghualainn ⁊ cuirfidh mé síos é. Deir sé,
Ní'l mé labhairt anaghaidh aon teampoll
speisialta ar bith" O go de an photóg
de bhréig í! ⁊ fios maith ag a chroidhe
breugach gur anaghaidh an Teampoill
Chaitilicidhe labhair sé. Seo é 'n crioch-
nughadh chuir sé air a chuid ranntaireacht:
"Dhearbhbhráthaire, nuair a chluinfidh sibh
aoinneach labhairt aon fhocal anaghaidh 'r
scoil, abair leo 'stop, tá sibh a tramp-
áil ar neithibh beannuighthe nach m-bain-
eann daoibh'; congbhaighidh bhur rún agaibh
