féin & nuair thiocfas an t-am le n-ar
g-ceart a chosnughadh, bidheadh sibh réidh."
Anois go d-te do bharamhuil go bhith¬
eamhnach d'a shórt chuirfeadh i g-céill go
bh-fuil samhail anamhach, & go bh-fuil an
diabhal d'a sheoladh féin & a threubh ar 'n
m-bóthar go h-Ifrionn, eidearbhtha tútach
Breathnughadh ar an saoghal fánach so
gabhail tharrainn; a smuainiughadh ar an
leus geárr atá againn ar an t-saoghal
so, & ladhad an t-seirbhís a rinneamar
d'ar nDia, d'ar d-tír, & air son an
teanga Ghaodhailge chongbháil ó 'n m-bás
(ach creid mé ná'r bh'é 'r leisg ná air
locht é ach locht mhuintir an fhuair chrádh
nach d-tugann aon chongnamh linn). Cuir¬
im anois cuntas chugad le fios a thabh¬
airt dhuit go mh-bidheann fáilte mhór ag¬
ainn ar an nGaodhal an trá thigeann
sé ar láimh. Cuireann sé i g cuimhne mé
an uair a bhidheas a léigheamh na Gaedhil¬
ge, & na dánta breágh bhidheas ann, ar
a n-am a rabh mé ag éirighe suas ion mo
gharsún san m-baile 'g éisteacht le sean
fhir & le sean mhná rádh abhráin & sgeul¬
ta gach aon oidhche gheibhrigh go m-beidheadh
sé ngar go lá Má leanamuid do'n o¬
bair mhaith san am le teacht — mar rinn¬
eamar ó thosughadh fághail chostuim éir¬
igcha do'n Ghaodhal — 'sé mo bharabhuil nach
m-beidh ádhbhar casaoide agad'nar n-agh¬
aidh. Ní bheidhinn sárthuigh choidhche léigheadh
dánta agus sgeulta breágh Gaedhilge ó
pheann an Ghabhair Dhoinn & fileadh éif¬
eachtach eile sgríobhas chum an Ghaodhail;
mar tá Doughar, Mac Bháird, de Nor¬
radh, Gríomhtha, Glasáin, Mulala, & go
leor eile; &, gan amhrus, ní cóir dham
dearmad a dheunadh air úghdar an sgéil
bhreágh úd, "Hanns Doodledee," M. Ua
C. Tá fileadh éifeachtach eile a m-budh
mhaith liom roinn de dhántaibh fheicsint
san nGaodhal uaidh — Padruic H. Buir¬
éúd, as Merriam Parc, Naomh Pól,
Minneseota. Righ sgoláire Gaedhilge
tá ann gan amhrus. 'Sé mo chrádh nach
bhfuil gach Éireannach cho dílis d'a dtír
& cho cionmhar ar an teanga Ghaedhilge
leis na filidhe os cionn d ar ainmigheas
ach faraor ní'l, as tá faitchíos orm nach
m-beidh choidhche. Ní fheicim ach aon locht
amháin ar an nGaodhal, sé sin, a ladhad
Dá m-beidheadh sé cho mór arís a's tá
sé ar nós go d-tiocfadh leat tuilleadh
go sgeulta & dántaibh breágh Gaedhilge
na hÉireann a chlóbhualadh ann. Acht
anois cuirim a g-cás go d-tiubharfadh
gach muine tá tógbháil an Ghaodhail dol¬
léir sa m-bliadhain le n-a fhóirleathnugh',
bheidhadh páipeur in sin againn ar bhróid
dúinn é. Tá roinn chréatúr truailligh¬
the Éirionnach ann so ar chóir go m-beidh
dís an aon bhád leis an O'Neill Ruiséal
ach. 'Sé dubhairt sampla acu an lá fa
dheireadh le Antoine Mullalla nach g¬
cainteann nó nach léigheann aon ndaoine
Gaedhilge ach daoine gan tugsint no eol¬
as.
Fanaim go diliseach do shearbhfhonta.
D. J. McC.
Our friend McCormick (Wheeling) has written a
good deal more but our Gaelic type has run out here
DO 'N GHAODHAL,
An Leabhar Lán de Ghaodhailge,
le P. D. Ua Crónáin.
Táim mórálach dom' leabhar lán de Ghao¬
dhailge,
An teanga sin ghrádhaim óm' chroidhe,
An t-onóir sin go léir duit, a Shaoi Ló¬
cháin,
Is tú an t-uachdarán ar d-túis chuir í a
bh-feidhm.
Anns an d-tús budh cruaidh é do bhóthar
Ach le fórsa 'gus fuinneadh do chroidhe,
Dubhrais le Seághan Teirbh 'sa cháirde,
Go m-brisfeach an Gaodhal beag a chroidhe
Do thugais na buachaillighe chum chéile —
Do chualamar d'fhuaim anns a n-gaoith,
Gan cúntas ar theanga ar sinnsir,
A n-daoirseacht do mhairfeamuis choidhch'
Anois támuid sása dod laethibh,
Mar thóigis an Ghaodhailge arís,
Éireochaidh do sgoláiridhe an uachtar,
Is béidh d' ainm i stáiribh a d-tír'.
We thank our Spokane friend for his complimen¬
tary little poem.
