340
AN GAODHAL
BRIGHID NÍ DHONNACHADH.
A léightheoir, ná caith drochmheas air
obair ghrabaire a bh-fuil dúil aige do
bheith ag Gaedhilgeoireacht go mion & go
minic. Atá rud amháin ag cur as dó
nó do bheidheadh ann a theanga féin do
sgriobh níos feárr. Atá sé in áit a bh-
fuil a sháith mhór le deunamh aige d-taoibh
léighin & nach m-bidheann de uain aige
air Ghaedhilge d'fhoghluim acht i réir mar
atá orduighthe dhó.
Air seo do bheith amhlaidh ná saoil go
bh-fuighbhir an t-abhrán so i nós "Dhán
Díreach" na m-bárd ná fós mar chaint
bhlasta na seanachaidh acht tá sé 'mar
tógbhadh é ó 'n t-sean-mhuintir chomhnuigh¬
eas thimchioll Thuama. Ní fhuil filidh¬
eacht no stuaim ann acht gur Gaedhilge
na focla Seághan Mhac Cosáin is úgh¬
dar do 'n t-Sacsbheurla a bh-fuil sé air
drighthe uaith, & is dóigh nach bh-fuil go leor
de abhránaibh na teangadh soin atá chómh
coitchionn i m-beul muintire na h-Éir¬
eann 'sa m-baile.
I
Is shíos i g-condae Chiaraidhe, seal
geárr ó condae 'n Chláir,
'Tá 'n dream óg is aeraighe, i b-patrún
is mó gáir,
Is ainm do'n áit Cill Lurgan, caomh¬
áit acht 'tá a chlú
'Bhárr béasa modhamhuil, múinte, mo
Bhrighd' ní Dhonnachadh.
An luinneog.
A Bhrighid ní Dhonnachadh, go dearbh grádh¬
uighim thú,
Gidh go bh-fuil mé i Mericá, 'tá mo
chean ort-sa dlúth dlúth.
II
Bhí a h-athair 'na fhear siopa, fear fiúgh¬
antach ó n-a chroidhe,
Faoi mheas air fud na n-daoine ó Chill
Lurgan go Tráigh Léith.
Dia Domhnaigh ag teacht ó 'n Aifrionn,
fairtear uirre go grinn,
Faoi choinne Bhrighde in san t-slighidh bhí
uile dhuine cruinn.
III
Do chuir mé iomhaigh go d-tí í, acht fós
má chuireas féin,
Níor shamhail domh-sa do bhí ann acht io¬
mhaigh flaith na n-eun,
B'é iomhaigh iolair Mherica, "Brighid ní
Dhonnachadh,
Faoi chumann an t-éin seo deirim gur
seunmhar bheidheas tú."
An Píobaire Mineadh.
SEINÉID — OISÍN,
Leis an nGabhar Donn.
A bháird a sheinn i n-Éirinn ghlas fad ó,
Is mór do chlú a n-diú, is mór d'onóir
Ameasg na nGaodhal, a's tá sé mar
is cóir,
Óir 's tú an bárd ameasg na m-bárd is
mó.
I ngrádh, i ngliath ní raibh aon fhear níos
teó
'Ná thú, laochbháird, a thug d'ar g-cláir¬
sigh glóir;
Fíghtear um d'ainim sgeulta geala
óir;
Ní rachfaidh thart do ghlóir nó clú go deo.
"A Oisín uasail mhóir, a mhic an rígh,"
Atá do spiorad beo 'n ar measg an-
dhiú,
Óir seinneann báird 'n ar measg abh¬
ráin a mhúin
Tú dhóibh, — abhráin na saoirse, grádh'' gach
chroidhe. —
Seal tá an Ghaedhilge beo, béidh buan
do chlú
A's cluinfidh sinn gach aon do ghuth
bhinn chiúin.
[ Is ait linn an moladh seo air ar g¬
cáirde gaoil. Oisin. Budh chóir dúinn
fhéin do bheith 'nar m-bárd mhaith, a teacht
ó Oisín air aon taobh, & ó Lóchán air an
taobh eile; ach ní h-amhladh tá. — F G ]
Quite a number here and there ordered the Gael
some time ago who have not made returns yet. Re¬
member friends that we have to pay for the paper
and postage before the Gael is mailed. Clear up
your Gael commencing the New Year. We hope
our Brooklyn friends will make amends — they are
all well to do and have no excuse but inattention.
