AN GAODHAL.
341
SIDHEÓGA CHNUIC MEÁHA.
In ar nóige ba dhian éisteacht le sean
sgeul ar bith acht go mór mhór le sgeul¬
taibh síghe. Ar chom ar bith do bhí an
spéis agam féin ionnta i g-comhnuidhe &
chualas go leór díobh mar is geárr ó m'
áit chomhnuidhe atá bruighean ag daoinibh
maithe Chonnachta.
Tá 'n bhruighin so istigh i g-cnoc Meá¬
dhá i g-condae na Gaillimhe fa thuairim
chúig mhíle dheug ó 'n m-baile mór & chúig
mhíle as Tuaim,
Atá crainn mhóra ag fás ar leath
taoibh an chnuic seo, acht ní fhuil le feic¬
sin ar an taoibh eile acht carraige mó¬
ra & mion-chlocha in a measg bhidheas i g¬
corr áit cruinnighthe 'na g-cárnánaibh.
Air a bhárr atá dhá shean leachta 'na
seasadh, tógtha, b'fhéidir, do luanaibh
éigin nach bh-fuil a fhios againn cia hiad,
& tá amharc breágh le fághail uatha ar an
bh-fairge, Loch Coirib, Loch Measg, Loch
Aicéid & ar an tír ar fad thart tim¬
cioll. Gidh go bh-fuil crainn ag fás go
tiugh ar taoibh de 'n chnoc & ar fud na
n-gort i naice leis ní dheárna no préa¬
cháin aon nead ariamh orra le faitchíos
roimh na sidheógaibh.
Ag bun an chnuic atá sean chaisleán
ar a bh-fuil aighneán ag fás taoibh istigh
& amuigh ag caidreadh na sean bhalla, dh'á
g-congbháil le chéile & ag múineadh do gach
Éireannach theidheas an t-slighe an meas
is ceart dó thabhairt do na neithibh seo
bhaineas le n-a thír.
Is air sgáth an t-sean áruis seo sheas¬
as gach lucht spaisteóireachta theidheas
go Cnoc Meádha. Tar éis do bheith sú¬
gach, sásta díobh de bhárr a lóin, siubh¬
altar ucht an chnuic ó bhun go bárr. Fa
thuairim leath bealaigh suas is gnathach le
daoinibh bhidheas claoidhte le aois, óige
nó eitreoracht a scíth do leigean ag
clais ar a d-tugtar "Poll Dáidhe." An
uair do chonnarcas an poll so & d'inn¬
seadh dhom a ainm, do chuimhneas ar sgeul
do chualas i bh-fad ó shoin agus ata mar
leanás. —
In allód do bhí caillín ríoghamhuil ann
ar a raibh gairm mhór ins an bh-Frainc
mar gheall ar a deiseacht, & ar an ádh¬
bhar soin do bhí go leor súireach aici. Ba
ceann díobh so Finbhearra, rígh na sidh¬
eóg i g-Cnoc Meádha, acht ní raibh fios
ag an mnaoi óig go rabh a leithid beó.
Bhí gean mhór aige uirri & ní raibh fios
aige cia 'n chaoi le a n-deunfadh sé a
bhean féin dí.
Is sean chreideadh é nach féidir leis
na sidheogaibh duine ar d'fhuadach gan
cungantóir beo do bheith i g-cuideacht
leo; uime sin do chuaidh Finbhearra & a
shluagh síghe go d-ti teach beag seal geárr
ó 'n g-cnoc in a raibh baintreabhach & a
mac 'na g-comhnuidhe, & d'fhiafruigh sé de
'n mhac an rachadh sé do 'n Fhrainc leis,
gur theasduigh a sheirbhís uaidh ann sin, &
adubhairt go n-deunadh sé é féin & a
mháthair an-sheibhir. D'fhreagair Dáidhe,
an mac, go rachadh sé leis, & ar rádh an
fhocail do thug Finbhearra leis é go dtí
an cnoc.
Is ar éigin do bhí sé istigh an uair do
cuireadh caipín air do bheuradh thríd an
aer é. Ba geárr goirid go rabhadar
gleusta go h-uile & adubhairt Finbhear¬
ra:
"Eitil leat a chaipín."
Ní luaithe do bhí an t-ordughadh tabhar¬
tha ioná as go bráth leo do 'n Fhrainc.
Do bhí 'n cailín ríoghamhuil i n-éinfeacht
le n-a cuid suiridheach ag fleidh an oidhche
sin ins an bh-Frainc. Chuaidh Dáidhe &
na Sidheoga asteach & do chuireadar é
i bh-falach ins na fraigheachaibh go díreach
ós cionn an chailín ríoghamhuil do bhí ag
rinceadh 'san móimid cheudna.
D'éis tamaill bhig leig ceann de na
Sidheogaibh caor sgeithe síos ar cheann
na mná óige do chuir sróthfurtach mhór
uirri Do leigeadh ceann ó ceann eile
síos, acht do chuir an ceann deire an
bhean óg i riocht gur ghlach Dáidhe truágh
uirri & gur dhubhairt sé;
"Dia a's Muire linn, a mhuirnín."
Mar gheall ar na focla soin níor bh'
fhéidir leis na Sidheogaibh an bhean óg dho
tabhairt leo, & ar an ádhbhar soin do bhí
an oiread feirge orra & gur bhainead-
