﻿342
AN GAODHAL.
ar an cailín de Dháidhe & do chaitheadar
síos ar an urlár é féin in aice leis
an mnaoi óig.
An uair do chonnairc a suiridhigh é so
ní dheárnaidh acht breith ar phíobán air &
is beag nachar thachadar é. Acht mar
soin féin ní thiubhradh Dáidhe le rádh gur
bhuail dhá luipreachán as an bh-Frainc é.
Mar soin ba gheárr go raibh an bheirt
air a d-tar-in-áirde, Dáidhe ós a g¬
cionn & é ag rádh : "Nois deunaidh bhur
n-dithchioll." Do cheistnigh an cailín ríogh¬
amhuil ann sin é & adubhairt sí :—
"Cia'r a chas in seo thú?'
"Na Sidheoga." ar sesean.
"Cia 'n fáth?"
"'G brath thusa fhuadach leo mar bhí
cion mór ag Finbhearra ort & ba mhian
leis a bhean féin a dheunamh dhíot"
"Agus cia h-é Finbhearra?" ar sise.
"Righ na Sidheog i g-Cnoc Meádha," ar
sesean, "agus munar dhubhairt mise
'Dia a's Muire linn' an uair sin bheitheá
sguabta anois aca."
"Mar soin atá mé an-bhuidheach dhuit,"
ar an cailín ríoghamhuil, "acht cia 'n áit
i g-comhnuigheann tú?"
"I g-Conae na Gaillimhe, in Éirinn."
"Deunfadh sin; rachadh mise a bhaile
leat."
Do chuaidh sí a bhaile leis & gan amhrus
do bhí luathgháir mhór air Dháidhe bhocht.
Bhí sé ag smuaineadh leis féin gur b'air
do bhí 'n t-ádh an uair do chuaidh sé i n-
éinfheacht le Finbhearra agus go raibh sé
seibhir anois le na ló.
Bhí go maith a's ní raibh go h-olc, acht
ba mhian le Finbhearra díoghaltas do
bhaint ar Dáidhe agus chum so deunamh
fuair sé beodhuine eile & do ghoid sé 'n
bhean ó Dháibhe ins an oidhche. D'éirigh sé
air maidin ag smuaineadh air an óig-
bean, acht d'éis tamaill bhig do bhí iong¬
antas air nach bh-facaidh sé í, & an uair
d'airigh sé imthighthe í do smuain sé gur
b'é Finbhearra do ghoid uaidh í.
Faoi dheire do chuir sé láighe & pioc¬
óid ar a ghualainn ag rádh leis féin:
"Beidh sí agam fós nó fios cia 'n fáth."
Chuaidh sé ann sin go d-tí 'n cnoc &
do thosuigh sé ag baint poll ar leathtaoibh
dhe faoi chloch mhór D'fhan sé ag obair
air feadh 'n lae & chuaidh sé a bhaile ar
dhul faoi de'n ghréin. Lá 'r na mhárach
d' imthigh sé go moch & creud do gheubhadh
sé acht an poll dúnta arís. Mar soin
féin níor chaill sé a mheisneach acht do
thosuigh sé ag baint arís & d'fhan ann
soin ar feadh na h-oidhche. D'éis dhá lá
do thainic sé go d-tí 'n dorus & d'ar
leis féin go bh-fanfadh sé ann soin go
bh-fuighbheadh sé faill ar dhul asteach.
Do bhí na Sidheoga ag ól go h-ain-deir¬
iannach mar gheall gur Oidhche Shamhna
do bhí ann. Bhí orra do dhul amach ar
fud na g-cnoc acht ar theacht de'n uair
do bhídheadar chomh bogtha is nár thugad¬
ar faoi n-deara Dáidhe do bhí le h-ais
an doruis.
D' fhágadar beirt ag caint leis an
mnaoi óig & bhidheadar sin féin ar meis¬
ge Fa cheann tamaill bhig do chuaidh
ceann díobh seo amach & d' fhág sé an
dorus fosgailte. Do chuaidh Dáidhe a¬
steach an uair do bhí an fhaill aige & ní
dheárna sé acht buille dh'a láighe do thabh¬
airt do 'n t-Sidheog do bhí istigh & é do
leagan.
Do thug sé 'n cailín ríoghamhuil ann
sin a bhaile leis & do phós sé í, acht ó
shoin amach níor chuir Finbhearra nó a
shluaighte aon trioblóid orra.
M. O'R.
We prophesy Gaelic scholars from the neighbor¬
hood of Knock Moy.
'Tis funny that the Revd. Professor
of Irish in Maynooth College felt it ne¬
cessary to thank Irish editors for noti¬
cing the Gaelic movement when we
have no dearth of information about the
insolvency of Rody O'Connor, the pub¬
lican, or the manner in which Pat O'
Kelly sprained his ankle when going
home (tipsy) from the fair of Tuam.
The Irishmen of New York and vicinity can ob¬
tain gratuitous instruction in the language of Ire¬
land by calling at the rooms of the P. C. Society,
263 Bowery, on Thursday evenings from 8 to 10,
and on Sunday afternoons from 3 to 6, o’clock.
