(6)
10Mhadh Rol. Uimh. 6. FABHRA. 1894.
8 Cúlbhealach Uaterloo, Tráigh Thuadh
[8 Waterloo Av. North Strand,]
Baile-átha-Chliath,
[Dublin.]
An ceathramhadh lá deug de mhí
na Nodlag, 1893.
D' Eagarthóir an Ghaodhail,
A Shaoi Dhíl,
Athrughadh (airmhidh aréir
seadh thugas do Phádruig Ó'Briain, bhíos
in a chomhnuidhe 'san gcathair seo, leath-
choróin chuirfeas seisean ag triall ort
le h-aghaidh an Ghaodhail bheith d'a chur chu-
gam le bliadhain, ag tosnughadh ó 'n g-
céad uimhir de 'n imleabhar so tá i láth-
air.
Is dearbh liom go gcualais na sgeul-
ta móra, maithe ar ar thárla 'san g-
cathraigh seo. Go deimhin tá biseach mhór
ar chúis na Gaedhilge ní h-é amháin i m-
Baile-átha-cliath acht is áiteannaibh eile
fós taobh amuigh de, in Éirinn. Tá fios
agat cheana gur cuireadh ar bun annso
Cumann nuadh ar a dtugthar Chonnradh
na Gaedhilge. Ní'l aon amhras gurab
é siúd an nidh bhí do dhíth ar chúis na
Gaedhilge go dtí seo. Ní'l aon sgoláire
eolgusach ar Ghaedhilig i mBaile-átha-cliath
nach mbíonn in ar bhfochair ⁊ in ar bh-
farradh gach am thigimíd i gceann a chéile.
Tá súil againn go dtiubharthar mórán
de chuidiughadh agus de chongnamh dhúinn
'san "móir-thír treasna an t-sáile" in
a gcomhnuigheann an chuid is mó d'ar g-
cineadh, gan trácht ar an gcabhair bheidh-
eas d'á thabhirt dúinn 'san sean-tír.
Má tá aon duine ded' léightheoirighibh 'g
ar mian leis cabharughadh linn ⁊ ball do
dhéanamh dhe féin, chuirfeadh sé coróin ag
triall orm gan mhoill (cuirim i gcás gur
fiosach duit cheana gur mise aon de na
cisdeoirighibh). Do gheobhaidh sé ar bhárr
na litre seo an áit i mbidhim am' chomh-
nuidhe.
Tá súil eile agam fós go gcuirfidh
