sibh féin ar bun iomad de chumannaibh
ar an nós céadna, & go mbéidhmid uile
ceangailte le chéile i nglasaibh daingne
dlútha cáirdeasa & caidribh. Má thioc¬
faidh sé seo chum chríche gan amhras gan
agó béidh cúis na Gaedhilge ag dul ar agh¬
aidh ó 'n lá go chéile de lúith-phreabann¬
aibh lána láidre.
Mise do chara 'san gcúis naomhtha
faoi dheabhadh & faoi dhéithneas,
Seosap H. Laoide.
Cómhrádh an tSaoi Díolún J. mic Chor¬
maic, leanta ó 'n nGaodhal déighionach.
fóghluim. An ciothramach tútach, dá m¬
ba liomsadh deurfadh sé sin bhrisfinn, a
bheul. 'Sé a léithid sin a sheasas air
chornéil na sráideanaibh deunadh balls¬
geige dóibh fhéin — deunadh oilleartach a
gcáid & tathaoireacht ar an te labharas
Gaodhailge & nach bh-fuil a cur amach an
mhadaidh acu féin i m-Béarla nó nGaodh¬
aile. Ach is cóir alúntas a thabhairt
dhóibh mar nach bh-fuil fios níos feárr
acu. Feiceann siad an nós ar mharbh¬
uigh na Tóruighe breun tuatach d-teach
na mbruid an bille le na Riaghail féin
do thabhairt go Éire bhocht atá faoi sháil
iarruinn ag na Tóraighibh tuatach' leis
na céadtaigh bliadhan, & nach bh-fuil aon
smaoineadh acu a lámha bhaint ó sgor¬
nach na h-Éireann nó go n-díbrighe sí i g¬
coigchríoch roinn d'a muintir & go g-cuir¬
idh sí an bháis an chuid eile acu, le ucras
— agus air a g-croic, & a tabhairt bás
failligheach go 'n chuid eile acu san b¬
príosún le gort agus anró — mar rinn
sí le n-ar g-cuimhne féin, anns na laeth¬
ibh leathtromach an ar lobh na fataidh i-
n-Éirin, & a chuir scapthadh & fán as ar
d-tír féin orrainn. Feicim anois nach
mian leis na Tóraibh rubáiligh a ngreim
a sgaoileadh go Éirinn nó go g-ceangligh¬
eadh sí a marbhadh-fáisg air cheann agus
smig gach Éirionnach d'a bh-fuil in Éirinn
ca fhaid a's léigfeas an diabhal a srian
leotha. Go d-tugaidh Dia díoltas trom
ortha faoi n- ndiabhaluigheacht. Tá súil
le Dia agam gur fogus dúinn an lá go
n-díbridhe Dia a g-cúmhacht as Éirinn,
gan filleadh air ais go brách. Ná'r chóir
go g-cuirfeadh an díoltanas sin a fuar¬
amar ó 'n t-Sasanach tuatach ciall agus
réasún ionnainn le meas a bheith againn
air chéile & an teang Ghaedhilge a chleach¬
tughadh?
Tá ar ndóthain eascara san tír so
& gach tír eile ionn ar n-aghaidh agus gan
sinn féin do bheith ag cur a n-aghaidh a
chéile; ach is gnás go chuid de na h-Éir¬
eannaibh bheith mar sin — mar nach bh-fuil
fisnis fáir acu. Chonnairc mé ins na
páipéir an t-seachtmhain a chuaidh thart
go bh-fuil teachtairidhe ó 'n diabhul i g¬
cosamhlacht Orangemen ag triall air
fuid na státaidhe ag cur sgeulta an
diabhail air chuid do na Produstúin d'a
m-brosdughad le catha dheunadh a n-aghaidh
na g-Caitilic. Tá 'n diabhal ag catha
leis an Eagluis Chaitiliceach ó 'n lá ar
labhair ar Slánuightheoir Iosa Críost le
Naomh Peadar nuair a thug Sé eochair
na bh-flathas dó & dubhairt leis, "Deir¬
im-se riot Peadar & gurab ar an g¬
carruig-seo thóigeas mise m' eagluis, &
nach m-beurfaidh geatuidhe ifrinn buaidh
uirri; ní mó ná sin a gheabhfas truilligh
tuatach an A. P. A. geuga lobhtha de na
Nonothings, buaidh uirre; bheurfaidh an
diabhal leis iad mar thug sé leis an
dream ar thuirling siad uatha, na Nono¬
things. Feiceamar na droch bhriathra &
na droch gníomhartha tá siad ag deunadh
gach lá & oidhche in ar n-aghaidh — d'ar n¬
díbírt as obair inn gach balla & bóthar
iona bh-fuil cúmhacht acu. Nach cóir go
d-tiubharfadh léithid sin go mhíorún 'nar
n-aghaidh ciall dúinn a bheith nios dlúthte
dílse d'a chéile? Dá m-beidheadh sinn
mar sin ba chuma linn dá d-tiocfadh gach
bh-fuil go A. P. A's i g-Canada bheidheadh
sinn ábulta ar b-páirt fhéin a sheasadh,
ach, faraoir, ní'l muid mar sin. Tá
súil le Dia agam go d-tuitfidh an scam¬
ul ó shúilibh na n-Éirionnach atá dallta
& nach leur dóibh an bealach; bheirim fuag¬
radh ann so dhóibh go bh-fuil an t-am ag
deasughadh linn ar cóir do gach Éirionn¬
ach do bheith dílis d'a céile. Tá sé riach¬
danach dúinn a bheith réidh le seasadh taobh
le taobh & guala le gualain, in sin béidh¬
mid 'nan traisa le n-ar námhaid.
