AN GAODHAL.
531
Do bh'fheárr liom bheith lamh libh
D'a canadh arís
Ná páirt don stat sd
'Sa domhan gan cíos.
Gairm cughat-sa, theangain úmhal ghlic,
Gach buachaill deas,
Is óigbhean chlúdhamhail, ata múinte
Ad bhréithribh beacht —
Gach flaith is prionnsa thug a rún duit,
A n-Éirinn seal,
Teacht ar g-congnadh chum do chlú-sa,
Cuir go h-árd thar lear.
An Ceangal.
Gairm Iosa cheap na tíortha
'Sa mhuir mhór bhreágh,
Is chuir go h-aoibhinn solus fíor-ghlan
Sa spéir gach lá. —
Do cheannuigh daoine le fuil a g-croidhe
stuigh
Go daor sa pháis
Gan an Ghaodhailge dhíbirt chaoidhche
As chlár leathan Fáil.
DROCH GHAODHAILGE.
A Cháirde Bhlácliath,
Creud i chialluigheas é seo. —
"Conradh na Gaedhilge ar n-a chur ar
bun chum na Gaedhilge do chongbháil d'á
labhairt i n-Éirinn"?
Muna m-beidheadh go bh-fuil tuairim
againn cad budh mhian leis an sgríbhneoir
do chur in iúl dúinn, ní thuigfeadh sinn
suim na bh-focal "Ar n-a chur ar bun."
Anois, a cháirde, ní shé bhur g-conn¬
radh-sa an chéad chumann Gaodhailge do
cuireadh air bun i saothar na Gaodhail¬
ge, agus, air an ádhbhar sin, ní shé Conn¬
radh na Gaedhilge é — go simplidhe — is
connradh Gaodhailge bhur g-cumann.
Chuir muidne connradh Gaodhailge ar
bun 'san nGaodhal bliadhanta ó shoin —
cad a dhéanfas sibh leis? — connradh na
Gaedhilge Éire Mhóir, an sheadh?
Anois, d'fhoclóchadh muidne bhur g-ceann-
fhuagradh mar so, —
"Connradh Gaedhilge Bhlácliath, curtha
ar bun chum an Ghaedhilge do chongbháil
d'a labhairt i n-Éirinn."
Dá m-beidheadh connradh Gaodhailge
cumtha de Albanaibh agus Éireannaighibh
insin feudthaidhe connradh "na" Gaedhil¬
ge thabhairt air, acht ní fheudthaidhe 'rádh
go rabh sé curtha ar bun chum "na" Gae¬
dhilge, &c., acht mar deirmíd, Bhainmid
feur chum an bhó do chongbháil beo.
A cháirde, iomarca cócairidhe [bruith-
eor], milleann sé an t-anbhruith.
Tá muid a labhairt Gaodhailge ó bhídh
mar bliadhain-go-leith d' aois — budh í an
chéad fhocal do labhramar — Tá muid d'
a labhairt ó shoin go d-tí seo — agus le
daoinibh as gach ceárda de Éirinn — ach
an modh labhartha air a bh fuileamar ag
géirbhreathnughadh, níor chualamar agus
níor léigheamar i riamh.
Tuilleann sibh moladh mór air son
bhur n-díocuis láithreach i g-cúis na Gao¬
dhailge, ach, air son Dé, bídhidh riaghalta
le na h-úghdairibh, a rabh fios na teang¬
an acu, a chuaigh rómhaibh.
His Grace, Archbishop Walsh, Dub¬
lin, favors the use of Pitman's phonet¬
ic system in teaching the pronuncia¬
tion of Irish, and a Gaelic textbook
embodying the system is in course of
preparation. We have prepared a ta¬
ble of sounds but it was crushed out of
this issue. We exemplified this system
on the blackboard before the Gaelic
classes years ago. We read Pitman's
system 36 years ago and taught it in
this city. Hence, we should know
something about it; and it is our opi¬
nion that it is as easy to learn the
Gaelic sounds as Pitman's — Friends,
"There is no royal road.” We have
the grammars of seven languages be¬
fore us, and Irish is the easiest.
For the Gaelic Journal send 60 cents to the Rev
Eugene O'Growney, Maynooth co. Kildare, Ireland
F. M’COSKER,
PLUMBER, STEAM & GAS FITTING & FIX¬
TURES.
All our Work Warranted.
St., Francis' St. Cor. of Jackson, Mobile Ala.
