(7)
10Mhadh Rol. Uimh. 7.
AIBREÁN.
1894.
Na hÉieannaigh — Gaodhal agus Gall,
le M. Ua Donnaigh.
M. J. Ua Lócháin.
A Shaoi Dhíl, Ghrádhmhar:
Tá cás mór dh'a luadh ameasg na
nGaodhal, .i. leanann sé mar oibliogáid
ar gach h-aon scoláire an chobhair cheud-
na do thabhairt chum ar d-teanga a chur
chum chinn: Gach duine a bh-fuil ainm
Gaodhlach air budh chóir dó a dhithchioll do
dheunadh ar b-páipeur do thógadh. Acht
na h-Éireannaidhe Gallda, agus cuid de
na Gaodhail do labhrann an teanga,
deir siad;
"Ca é an mhaith dham-sa Gaedhailge?
Táim a cur cobhair chum Riaghail-Tíre
do Éirinn; táim am' Éireannach chomh
maith le gach eile. Bíodh sin mar atá ach
éist leis na focla fírinneacha ó Árd-
easbóig Threinnse — "An tír gan tean-
ga ní fiú í airiomh." Agus de réir rádh
an fhile, An Ghabhar Donn —
"Gan teanga, ní'l dúithche ar bith ann
agus gan Gaodhaige tá ar dtraebh agus
ar tírghrádh marbh ag teanga Shasanaigh.
.i. cho fad 's bheidhmid ag iarraidh Riagh-
al-Tíre san teangain Bheurla — Cho fad
's bheidh cluas bhodhar ag an t-Sean Bhua-
chaill blasda Gladstone, dalta 'n mhal-
raigh san ubhall-ghort, magadh faoi 'n n-
gardhadóir ag cathadh duileadh féir leis
ach an uair a labhair sé, "cloch" anuas
leis ag iarraidh párdún.
So mar atá Sasanaigh ⁊ sinn féin,
cho fada 's bheidhmid ag iarraidh Riaghail-
tíre i m-Beurla bheidh cluas bhodhar aca
linn ; ach uair i sgríobhfaimid in ar d-
teangain go bh-fuil teine Gréigis rómpa
air muir ⁊ tír, mar is cóir dúinn,
in sin, mar ghaduidhe dhi, le na cuid luin-
gis cogaidh 's gaile in sna bliadhantaibh
seacht, ocht, naoi 's dá-fhichead, d' fág
(Concluded on page 371.)
