UILLIAM RUADH MAC COITIR cct AR BHÁS SHÉAMUIS
Óig Mhic Choitir Do Básughadh a g-Corcuigh, A. D. 1720.
(Leanta)
35
Ruipe nár theibh angléic na agcoimheasgair
Raibh nar chrap aghlac ó dhaonacht
Reith-theoir ceas don lag is sgaoilteach,
Daoirse is doichte do bhochtaibh le coimhirse.
36
Soirbh fear suaimneach suairc nár chínnte,
Do sgaipeach air dháimh sa tabhairne fíonnta,
Nar thréig achomirc sa chumann na claoinfeach
Air thairbhe an tsaoghail don té bo gnaoi leis.
37
Triath gan meabhall gan chealg gan chlaoine,
Tiagar seasaibh is taca ná fillfeach;
Lámh na lónn ó cóip na daoirse,
Is dfuasglach práinn is gabha na bhfiorbhocht.
38
Níor bhaithnidh alocht muna locht an mhíne,
Múine is béasa féile is saoirse,
Greann is páirt is grádh neamh choimhseach,
Is cneasdacht tar bárr le h-arsaig chríona.
39
Sa tsraid sin anaig níl aitios na aoibhnios,
Acht gárrtha bróin go deorach caointeach;
An t-óg sa fean an lag sa laoichra,
An ionaraibh cúmha san uir ó sínneadh.
40
Blaith na macaobh gcleasbhfaobhar gcraoidhmhear,
Na raibh caor ar lasa na leacain trí lítis
Gluise na rosg is fholt go trinnseach,
Camarsach cablach faineach síos leis.
41
Bo dheas asheasamh ar faithche ameasg saoithe,
Níor thaobha spairnn cas caismirt na bruigheanta;
Do mheidhir liom amharc aphearsan air caoil each
Alorg na ngadhar go meidhreach ríngceach.
42
Nídh h-ionga an bhean tug lacht acíoch do
Sa tathair noch d'fhág gan áird ná cuimhne;
Aleighe na mbraonaibh déis ashínnte,
Claoidhte fuar an uaig fa dhídhean lic.
43
Sa líadhacht fear is bean nach feas angaoidhil leis,
Ó soinninn na seol go bórd na laoi soir
Go déarach dearg-ruisg ceasnaidhthe caointeach
Ó leagag an leóghan so abhflós ashaoighil.
44
Ta uail ag innsídhe bán chíoch mhínlach
Do sgairt Aine, Gráine is Clíodhna,
Meidhbh na ruag mór Chluana is Aoibhioll
Rioghan anaice is sgata ná h-innsim.
45
Ní'l sugra ar móin ní'l ceol am binn-chruit,
A gcaise ní'l éisg, ná feur air innísibh;
