AN GAODHAL
365
UAIMH NA LADRÓN.
(Sgeul Gearmanach)
le M. Ua C.
Am eigin bhí fear & a bhainchéile ann,
darab aca achd leanbh amháin, agus do
mhaireadar i n-gleann aoibhinn imchian,
go h-iomlán aonaracha. Do tharla lá
eigin gur chuaidh an mháthair 'san choill le
cruinniughadh sprios giubhais, & rug sé léi
a mac beag Hans.
Dob é a n-aimsir an earraigh, & do
ríth an buachaill do bhí uim dhá bhliadhain
d' aois, thríd an choill aig piocadh na m-
blatha iol-dathacha in uile sónas leanbh¬
iugheachda Go prap do léim as na sgeach¬
aibh ortha dhá ladron, gur sgiobadar &
iomcharadar amach leó an mháthair 's an
mac go doimhneachd na frithe, nar chuaidh
duine ariamh ann, achd na ladróin féin
Budh diomaoin é gur ghuídhe an mhathair
bochd air na ladrónaibh do léigean amach
í féin agus a mac. Bhí aca croídhthe na
cloiche, & ní éistfidís le na guidhthibh no
athchuingibh, achd do rugadar amach an
beirt le fóirneart.
Iar a d-tarraing tre luaithre agus
sgeachaibh, beag nach dhá uair, do ranga¬
dar carraig mór mar do bhí dorus ann,
air ar bhuail na ladróin. Bhí fosgailte an
dorus go prap, & iar ngabháil dóibh tre
bealach fada dorcha, do rangadar uaimh
mhór, bhí soillsighthe le teine mhóir aig
dóiteadh air an dteaghlach. Air d-taoibh
na h-uaimhe do chroch claidhime, daigéir,
& uirlise eile marbhtha, do bhí soilléartha
le leus na teineadh. I g-ceartlár sheas
clár dubh, aig a shuidhe ceathar ladróin
eile aig imirt cluithche, & ceann díobh
nna cheap-ladrón.
Do tháinic sé a láthair 'nuair chonn¬
airc sé 'n bhean, & do labháir go caoin
léi D' innis dhí a bhéith í síothchán, agus
gan mioshuaimhneas air bith, oir nach n-
deunfadh aonneach urchóid dí in a uaimh.
Is é 'n t-iomlán a n-iarrfáidhe dí, cúr¬
am a thógbháil uiri air an teach dóibh, &
má congbhailtear gach nídh í ríaghal ní
bhéidheadh a cioingioll cho h-olc. An uair
sin tugadh dhí bíadh re n-itheadh, & tais¬
beanadh dhí leaba 'nnar mb'fhéidir í féin
& a mac do chódladh. Do mháir an bhean
iomdha bliadhanta leis na ladronaibh
ionar fhás Hans go h-árd & go láidir
D' innis a mháthair sgeulta dho, & do
mhúin é do léigheadh ó sean leabhar na
gaisge, dar fuair sí insan uaimh. An
uair bhí Hans fá thuairim naoi m-bliadh¬
ana d'aois do righne sé dho féin bata
mór láidir ó gheug giubhais, a's do cheil
é air dheire a leaba An uair sin thái¬
nic sé d'a mháthair, & adubhairt.
"A mháthar ionmhuin tabhair fios dom-
ca h-áit ann a bh-fuil m' athair, tá teas¬
dail go mór uaim é fheicsin."
Achd bhí a mháthair na tosd, ní inseó¬
chadh sí dhó é, óir budh eagal dí go g¬
cruitheóchadh sé mianghas do bhaile ann, &
bhí fios nach léigfeadh amach na ladróin
miothrocaracha as an uaimh é; fós bhí sí
croídhbhriste nar fheud Hans dul chuiga
athair.
Oidhche chéadna mar do chas na lad¬
róin ó na n-imtheachdaibh seachránacha
rug Hans air a bhata, & air seasadh dó
roimh an ceap-ladrón do gháir sé,
"Tá teasdáil uaim faisneis cá h-áit
ann a bh-fuil mo athair, & muna n-inseó¬
chadh dom é buailfead síos thú."
Do smig an ladrón, achd thug sé buile
do'n bhuachaill do chuir fá 'n g-clár é.
D' éirigh Hans go prap gan focal a rádh,
& do smuain leis féin,
"Fanfad bliadhain eile no go n-iar¬
faidh mé arís — réiteóchaidh mé níos
feárr an dara feachd."
Do chuaidh thart an bhliadhain & ghleus
Hans é féin chum dithchille eile. Do rug
air a bhata, do ghlan an luaithre ar &
d'a sgrudadh go cúramach, dubhairt,
"Is bata beag cálma, cumasach é."
Oidhche cheadna chas na ladróin abhaile
in deágh-spioradaibh, óir rugadar creach
mhór leó, gur óladar fíon fáirsing
Fá dheire thosaidh a g-cinn do chrochadh &
a súile a bheith trom. Anuair sin ghlac
Hans suas a bhata, & ag seasadh rómpa
go dána, d'iarr sé arís ca h-áit ann
a raibh a athair. thug an ceap-ladrón
buille uathbhásach dhó air an g-cluais, gur
