366
AN GAODHAL.
léig air lár é air an talamh. Bhí sé
suas i móiment, a's do bhuail buillidh
luatha ortha air gach taoibh, go rabhadar
go tapaidh air lár, a's gan cumhachd aca
láimh no cos a chorrughadh, air m-beith
dóibh chomhsáruighthe sin leis an bh-fíon 's
leis na buillidhibh. Do sheas a mháthair
san g-cúinne, lán d' iongantas fá ghaisge
& neart a mic. An uair bhí coimhlíonta
a obair, tháinic sé d'a mháthair, & adubh¬
airt,
"Do bhídheas go duthrachdach an uair
so, & is éigin dom d' aithin anois ca h-
áit ann a bh-fuil mo athair."
"A Hans ionmhuin," do fhreagair sí,
"rachamuid d'a iarraidh no go bh-fágh¬
maoid é."
Ghlacadar eochair doruis ó phóca an
cheap-ladróin & rug Hans sac mór iona
charnaidh sé ór & airgead, & mórán nei¬
theadh sgiamhacha, go raibh an sac líonta,
noch do thóg sé air a dhruim. An uair
d' fhágadar an uaimh, bhí malairt ó dhor¬
chadas go leus cho mór sin gur beagnach
nár dalladh iad; achd cos air chois ghna¬
thuigheadar do'n leus, a's do'n choill
ghlas. Do luathgháir na blátha soillseacha,
amhrán na n-eun, & an ghrian 'soillseadh
in san spéir croídhe an bhuachalla. Do
sheas sé aig feuchain thart 'nna thimchiol
le uathbhás, mar nár bh'féidir leis é
thuigsint.
Achd do threóruigh amach a mháthair é,
& air feadh dhá uair do sheachránadar
timchiol sul fheud siad bealach do n-a
m-bothán d'fhághail. Fá dheire rangadar
go sónuidhe i ngleann uaigneach, & ansin
do sheas a m-baile rómpa, agus athair
Hans 'na shuidheadh aig an dorus.
An uair d'aithin sé a bhainchéile, agus
dubhradh leis go mb'é Hans a mhac, do ghuil
sé le luathgháir, óir is fada do smuain
sé go raibh marbh an bheirt. Gidh gur
raib Hans achd dhá bhliadhain deug d'aois,
bhí sé ní b'áirde ná a athair le ceann.
Do chuadar go h-uile asteach 'san árus
beag, & cho luath a's léig Hans an sac
air an m-beinnse, thosaidh ballaidh an
tíghe do sgaoileadh. Bhris síos an beinn-
se air d-tús, & fá dheire an t-urlár.
"Beannacht orm, do gháir an t-athair,
"tá 'n teach aig titim uim ar g-cluas¬
aibh — cad é tá tú ag deunadh a Hans?"
"Ná bac leis, athair," ars an t-óglách,
"na léig aon ghruaige liatha a fásadh ós
an trúblóid sin. Tá níos mó ann mo
shac ná do dhíolfadh do theach níos feárr
ná é so,"
Mar nach raibh sé slán cómhnuidhe 'san
sean teach, do thosuidh Hans & a athair
teach nuadh a thógbháil. Chríochnuigh siad
an teach aig cuir nuadh trusgan maith
ann, cheannuigh siad fearann níos mó, &
morán arnéise, athnuadar na fala, a's
chuireadar gach nídh i riaghal, & fá dheire
bhí aca baile sóna. Leis an am so tháin¬
ic an t-earrach, acht d' fhás Hans go
tuirseach de'n uaigneas, & budh mhian
leis do shiubhal le feuchain an domhain, &
a fhortúin a iarraidh. Ní fheud sé bheith
comhairlighthe do fhanachd. Do bhrónn sé
d'a athair an mhaoin do rug sé ó uaimh
na ladrón,
"Óir," ar sé, "bata trom air siubhal
is an t-iomlán tá tasduighthe uaim."
Do thaisdiol sé air aghaidh do d-táinich
sé do frit dorcha coillteach.
Do láthair chluin sé briseadh geuga,
& air feuchain suas dhó, do dhearc sé
giolla mór anfhásuighthe aig casadh téid
uim crann giubhais, a's dá lúbadh
mar do m-beidheadh sé 'nna shlat sailigh,
"Heló," ar Hans, "cad é a tá tú aig
deunadh shuas an sin?"
"Do chruinnigh mé sprios ande agus
táim a' tarraing síos an crainn go h-
iomlán andiu."
"Is áil liom sud," do smuain Hans,
"tá go leór neirt aige," & do gháir air
an ngiolla do thuirling ó 'n g-crann, &
do theacht leis. Thuirling an giolla, &
air seasadh dhó air thaoibh de Hans, bhí
sé níos áirde ná é le ceann, gidh gur
fear mór Hans féin.
"Goirféar 'Castach-giubhas' ort," ar
Hans, mar do shiubhaladar amach araon.
'Néis aisdrigheadh seal do chluin siad
buillidhe láidre gur do gac buille do
chraith an talamh, & mar do shiubhaladar
air aghaidh, do dhearc athach ag buaileadh
(Le bheith leanta)
