Codail go suaimhneach, a mhic mo chléibh,
Gídh go bh-fuil an smólach ameasg na g-craobh
Ag seinim a g-ceoil go sulthmhar, séimh.
Codail go sámh.
Codail go suaimhnuach, tá aingle Dé
Ag faire os cionn do chliabháin ghlé,
Tá glóir a sgiathán mar ghlóir an lae.
Codail go sámh
FÁINNE AN LAE,
Leis an nGabhar Donn.
Is dubh an lá, gan gréin ar árd,
A's cluinim trá duairc-cheol do bhárd
Mar spioradaibh ameasg na g-crann ag caoi,
'Nuair táir-se ins an g-cré go lag ad' luidhe.
Is dubh an oídh', gan ghealaigh bháin;
Éist! cluinim sígh is duairc a dáin,
Bidheann eagla orm gach am a chluinim í;
'Nuair táir-se ins an g-cré go tréigh ad luídhe.
Acht tá an uair is dorcha, duibhe
An uair roimh ghlóir is sogh na neimhe
'S éireóchaidh tú ó 'n g-cré, a ghrádh mo chroídhe,
Ní bheidh tú feasta, Éire dhíl, ad' luidhe.
NA PLÚRAIBH DO THAITHNIGHEAS LINN.
le A. Mulala-
Anns a bhFrainc is sé an lilidh
Atá mar righ os cionn na b-plúraibh,
'S bidheann Francaidh gul 's gáire
Le grádh air a duiliúraibh.
Tá an rós air bhrolaibh na bh-fear
Anns an g-cruinniughadh Sasanach,
Ionann is séaladh a g-cumann buan
d'a d-tír dhúithche 's d'a righ,
'S a d-tíribh úir na cruinne
Tá fir maithe ag sean 's óg,
Air ainm an chinneadh dílis
A ghrádhuigheas an t-seamróg, —
Mian Albanaigh an foghthanán,
Do tháithfeadh dealg ann do sháil,
Ach America 'sé 'n "Dollar bill"
An plúr is deise thig linn fhághail.
