374
AN GAODHAL
Go SAORFHADH DIA ÉIRE.
Go h-árd air chrann sgaláin
Chroch an triúir ba ghaisge lán,
Leis an d-tíorán díoghaltach, buailte í n-a m-bláth.'
Achd theagbhuigheadar ris go teann,
Leis an mhisneach a g-clainn,
A's do chuadar gan eagla d'a n-dian-chrádh.
Go saorfadh Dia Éire! gháir na laochra,
Go saorfadh Dia Éire! gháir siad araon,
Bí' ar m-bás air sgalán árd
Nó i g-cath air mhagh an áir,
Ó! is cuma, má's chum Éireann titim dúinn.
Gídh 'measg a namhad cruinn,
D' éirigh suas a misneach din,
Mar bhí chuimhin air a g-cáirdibh bh-fad 's a n-gar;
Air na milliún' fíor is teann,
Thar bh-fairge mhoir na d-tonn.
A's in Éirinn naomh air cháirdibh tá is fearr.
Go saorfadh, Dia Éire, ghair siad go h-uaibhreach, &c
Grapaid suas an staíghre garbh,
Labhair na n-guídhe go h-árd, is goirid,
'Nuair bhí curtha teud na Sacsan uim a muin ;
A gcois sgaláin na b-pian,
Do phógadar go caoin,
Do Chreideamh, Thír, is Shaoirse, fíor do 'n bh-fuin.
Go saorfadh, &c.
Tre gach am atá le teachd
Béidh meamhair ghlinn is ceart
Air íodhbhairt na bh-fear g-calma chum ar d-tír,
'S caithfidh dul air aghaidh an troid,
Bí' a h-imthus mall nó grod,
Go n-déanfamuid ar n-oileán árd is saor.
Go saorthadh Dia Éire! deir'mid go h-uaibhreach,
Go saorfadh Dia Éire! deir'mid araon —
Bí' ar m-bás air sgalán árd
No i g-cath air mhagh an áir,
O! is cuma, má's chum Éireann titim dúinn.
A Shaoi dhíleas, — Aig so aistriughadh an amhráin de
T. D. O'Súileamháin air na mairtirighibh de Mhanchester, do
bhí clobhuailte i n-Amercán Éirionnach naoi m-bladhana ó
shoin Má shaoilir fiú é do chlobhualadh, is féidir leat. Do
righneas malairt éigin ann, air a leas mar shaoilim, aig
congbháil cho dlúth mar dob fhéidir liom leis an b-príómh
amhrán i m-Béarla.
Go measamhail,
— M. Ua C.
An ceathramhadh lá air fhichid d'Abraon, 1894.
Feach Vol XI. l. 42.
