AN GAODHAL
375
The following oration was deliver¬
ed before the Philadelphia Philo-Cel¬
tic Society at its commemoration of
the 105th anniversary of the birth of
Archbishop McHale by Mr. J J Lyons
A Mhná Uaisle & a Dhaoine Uaisle —
Tá bliadhain eile tharainn & támaoid
cruinnighthe arís, míle buidheachas & al¬
tughadh le Dia. Feicim go bh-fuil cuid
mhaith ann seo a bhí linn bliadhain 'sa ta¬
ca seo, & tá súil le Dia agam go m-
béidhmid ar fághail bliadhain ó 'nocht a¬
rís mar támaoid anois — 's mar rabh¬
amar níos feárr ná rabhmaoid níos
measa — le onóir & meas a thaisbeáint
do ainm an té sin a bhí 'na cheann crei¬
dimh i g-Connachta, Reulta na h-Éir¬
eann & crann-seasta Mhaigheo, Seághan
Mac h-Aoil, Árdeaspog Thuama (bual¬
adh bos).
De réir cur síos atá air shaoghal an
Áirdeaspoig 'san leabhar a sgríobh an
t-Athair Uilliog Abúrca, a bhí mar uach¬
darán i g-Coláiste Thuama air feadh
bliadhain 's fiche, tá sé 'nois cued agus
chúig bhliadhna ó rugadh Seághan Mac h-
Aoil. Deir daoine eile nach bh-fuil sé
'n fhaid sin go baileach — go d-tastuigh¬
eann bliadhain nó dhó dhe. Acht ar ndóigh
is cuma eatorra é Ní'l ceachtar acu
mórán as bealach. Is cuma céard a
dheunas bliadhain nó dhó faoi nó ós a
chionn. Acht air aon chor, tá sé tugthuigh
síos aig an Árdeaspog é féin, aig a
ghaoltaibh & aig a chómharsanaibh, a bhí a
g-cómh-aois & i g-cómh-aimsire leis, gur
i d-taca 'n earaigh, nó mar déarthá air
chothrom na seachtmhaine seo, a rugadh é
De dhuine mar é a d-tug Dia saoghal
cho fada a's thug Sé dhó, & ag a rabh an
oiread sin air aire 's air intinn 's le
déanadh aige, & do rinne 'n oiread leis,
is deocair do dhuine seanachus le sás¬
amh do dheunadh air. Rinne sé 'n oiread
sin mathasa air feadh a shaoghail, & gach
gníomh acu níos feárr & a baint bárr
d'a chéile, gur deocair do dhuine mar
mise tráchtadh air a chuid mathasa mar
budh chóir. Ó 'n lá rinneadh 'sagart de
go d-tug Dia aige Féin é, ní rabh comh¬
nuidhe air ó mhaidin Dédómhnaigh go oidh'
Shatharna acht ag imtheacht ó bhaile go
baile & ó pharáisde go paráisde, thré
chnoic & thré ghleanntaibh, a friothóladh
na sacramuinte do na daoinibh, nó aig
éisteacht faoisdin & a rádh aifrinn; &
go h-anmhinic a tabhairt seanmóiridhe
uaidhe, & sin a g-comhnuidhe i nGaedhilge.
Ní labharóghthadh sé focal amháin leis na
daoinibh acht Gaedhilge; & ní leigfeadh
sé do aonduine dhul faoi láimh easpoig
chuige mar m-beidheadh an teagasg críos¬
taighe aige i nGaedhilge.
Is mór an onóir do dhuine ar bith é
bheith le rádh aige gur as aon tír le
Árdeaspog Mac h-Aoil é, acht feud¬
ann condae Mhaigheo rud a rádh nach bh-
feudann condae ar bith eile, 's sé sin
gur ann a rugadh, a baisdeadh & a tóig¬
eadh é. Is mór an onóir í sin; & is an
mhór an onóir í. 'Sí 'n onóir is mó í
fuair aon chondae ariamh, & 'sí an onóir
is mó í fuair condae Mhaigheo ó 'n lá
sheas Naomh Pádhruic air bhárr na
Cruaiche, gleusta ann a chulaidh aifrinn;
a chúl le fairge & a aghaidh soir air an
tír; a bhachal iona leath-láimh, & an chrois
'san láimh eile, nó gur bheannuigh sé 's
gur choisreag sé — ní shé amháin condae
Mhaigheo & Connachta, acht Éire go léir.
Rinne Naomh Pádhruic altóir de 'n
Chruaich mar rinne ar Slánuightheoir de
Shliabh Chalmhuire, & chaith sé dhá fhichead
lá iona bárr ag urnaighe, a trusgadh &
a beannughadh na h-Éireann.
Is gnáthach onóir mhór do thaisbeáint
do dhaoinibh áirighe a thuillfeadh é; mar
déarthá, do phrionnsa nó oifigeach airm,
do lucht eoluis, nó d'a leithidibh sin; do
shagart nó do easpog nó do dhuine ua¬
sal eicín a bhí an-t-saidhbhir & a rinne
maith mhór air na daoinibh, nó bhí ag iar¬
raidh matha do dheunadh. Acht faoi 'gus
thar an domhan níor rugadh & níor bea¬
thuigheadh an mac máthar sin leis na
ceudaibh bliadhan, bidheadh sé 'na phrionn¬
sa nó 'na oifigeach airm, 'na shagart nó
'na easpog, &, dá n-déarfainn, pápa,
do chuirfinn i g-comhmórtas, nó d'fheud¬
fainn a chur i g-comhmórtas, le Árd-
easpog Mac h-Aoil (an bhualadh bos)
