376
AN GAODHAL
Ca bh-fuil an prionnsa nó an duine
uasal a bhí cho h-uasal & cho h-onórach
leis? Ca bh-fuighthí oifigeach airm a bhí
cho clisde & co seasmhach leis? Ca rabh
an fear sin le fághail a bhí na scoláire
& 'na leacht eoluis cho mór leis? Ní
rabh sé le fághail air thalamh an domhain
(bualadh bos) Dá g-cuartóchaidh soir &
siar, tháll & abhus, anns gach tír & anns
gach réigiún faoi rothaidhe na gréine, a
mhacsamhuil ní rabh le fághail. Ní rabh
sagart nó easpog le n-a linn, nó ó
shoin, léir mar is feasach liom 's léir
mar is leur liom, a bhí cho h-árdalach &
cho h-aireach leis air na h-Éireannaighibh.
Bhí cion & meas aige air an duine bocht
cho maith leis an duine saidhbhir. Agus
ní dheachaidh aonduine ariamh ag iarraidh
cuimre nó comhair air, dá mheud é a
leathtrom, nach rabh fuasgailt le fághail
aige. Agus dá mheud an t-ualach do
bheidhadh air an té rachfadh ag iarraidh
comhairle air, bhí croidhe eudthrom aige
'n uair a bheidheadh sé sgarthadh leis.
Dá dhonacht dá bh-fuil na Sasanaighe
anois & dá mheud an ghráin a's tá acu
air na h-Éireannaighibh & an t-andúil &
an t-ainmhian atá acu Éire bhocht chong¬
bháil síos faoi chois & faoi ghaursmacht,
a déanadh gach saothar is measa a's is
gráineamhla ná a chéile oirthi, le n-a g¬
cuid brathadóiridh & spíodóiridh a tabh¬
airt fiadhnuise bhréige & leabhra éiche a
n-aghaidh na n-daoineadh, budh mheasa ná
sin iad tá chúig bhliadhna 's dá fhichead ó
shoin. Anns an am sin budh deocair do
Éireannach a dhul leis an dorus chuca.
A d-tús na Samhna tá ceithre bliadh¬
na 's dá fhichead ó shoin, seadh, a chuir
Tighearna Seághan Ruiséal leitir fhada
uaidhe anns na páipéiribh i n-aghaidh úgh¬
daráis & cúmhachta an Phápa. Budh é 'n
Naomhtha Pius do bhí 'na phápa 'san am
sin, & 'sé 'n fearg a ghlac Ruiséal & na
Sasanaigh leis, gur cheap sé easpoig &
árdeaspoig i Sasanaigh gan cead nó
toil na bainríoghna. Cho luadh a's léigh¬
eadh leitir an Ruiséalaigh & tigeadh &
meádhadh i g-ceart í, bhí a g-ceann tóig¬
the air na Sasanaighibh, & ní rabh coimheas
le a rabh de fheirg ortha, 's ní fearg a
bhí ortha acht cuthach. Chruinnigh siad anns
na bailte móra, chruinnigh sin, & rinne
siad cómhairle le chéile go g-caithfidhe
bacadh chur air an bh-Pápa a ceapadh na
n-easpog. Ní bheidheadh aon easpog nó
árdeaspog ann, má b' fhíor dhóibh é, acht
iad féin & a g-creideamh féin.
Air feadh na bliadhna sin & an bhliadh¬
ain dár g-cionn bhí na Sasanaighe rucht
an méid Éireannach bhí i Sasanaigh a dhí¬
birt amach as air fad. Fa dheireadh
rinne na cumannóiridh cómhairle eator¬
ra féin go dtiubhradh siad dlighe nuadh
'mach i d-teach na g-Cumann — 'Dlighe
eagluiseamhail, a thug siad air — nach
leigfeadh do aonduine, i n-Éirinn nó i
Sasanaigh, easpog nó árdeaspog chur le
n-a ainm, acht amháin iad seo a ceap¬
faidhe faoi úghdarás & le cead na bain-
ríoghna. Le sgeul geárr do dheunadh dhe,
ní fheudfadh aonduine bheith 'na easpog
nó 'na árdeaspog acht a g-cineál féin.
Le cosg a chur air an m-briseadh 'mach
seo, & cómhairle ghlacadh le chéile i rucht
go m-beidís air aon inntinn amháin an
uair a thiocfadh an dlíghe nuadh amach,
chruinnigh uaisle na h-Éireann, sagairt
& easpuic, ann aon áit amháin i m-Baile
áth-cliath.
De réir an dlighe seo, an cheud uair
a bhrisfeadh aonduine é, a cur easpoig
nó árdeaspoig le n-a ainm, cuirfidhe
chúig ceud punt foigheanála air; & an
dara h-uair a beurfaidh air, deunfaidhe
priosúnach air feadh a shaoghail de, &
cuirfidhe i n-oileáinín uaigneach é 'sa
Domhan Shoir.
Mar dubhairt mé cheana, bhí cruinnugh¬
adh mór i m-Baile-áth-cliath. Bhí ann sin
sagairt & easpuic na h-Éireann. Agus
budh é árdeaspog Bhail-áth-tliath bhí 'na
shuidheadh ós ag-cionn an lá sin, a's bhí
Árdeaspog Thuama, nidh nach iongnadh,
'na measg; & má bhí féin ní i n-ganfhios
do bhí sé ann, narra is iomdha súil a bhí
air. Labhair na cainteóiridh air fad &
thugadar a m-baramhauil air an g-ceist
a bhí i láthair. Acht an uair a sheas
árdeaspog Mac h-Aoil suas & i d'árd¬
uigh sé a ghuth a cathadh drochmheas air an
dlighe nuadh & a deunadh beagán de, d'
éirigh misneach & croidhe na n-daoineadh,
's chuir siad aon ghlaodh amháin asta do
